bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Deuteronomy 34
Deuteronomy 34
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
1
Ansin d' imigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán,
2
Naftáilí go léir, dúiche Eafráim agus Manaise, tír Iúdá go léir go dtí an Fharraige Thiar,
3
an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar.
4
Dúirt an Tiarna leis: «Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób, á rá: 'Tabharfaidh mé do do shíol é.' Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.»
5
Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d' achtaigh an Tiarna,
6
agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d' aon duine cá bhfuil a uaigh.
7
Bhí Maois céad agus a fiche bliain d' aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.
8
Chaoin clann Iosrael Maois ar feadh tríocha lá ar bhánta Mhóáb; ansin bhí deireadh le caoineadh agus le holagón do Mhaois.
9
Líonadh Iósua mac Nún le spiorad na heagna mar leag Maois a lámha air. Ghéill clann Iosrael dó agus rinneadar de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Mhaois.
10
Níor éirigh in Iosrael ó shin fáidh mar Mhaois, an té a ba aithin don Tiarna gnúis le gnúis.
11
Cad é comharthaí agus iontais a chuir an Tiarna faoi deara dó a déanamh i dtír na hÉigipte in aghaidh Fhorainn agus a shearbhóntaí agus a thíre go léir!
12
Nár láidir í an lámh, agus nár mhór agus nárbh uafasach iad na héachta a nocht Maois os comhair Iosrael go léir!
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34