bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Deuteronomy 16
Deuteronomy 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 17 →
1
«Coimeád mí Áibíb agus coinnigh an Cháisc don Tiarna do Dhia; óir is i mí Áibíb a thug an Tiarna do Dhia thú amach as an Éigipt san oíche.
2
Déan cáisc a íobairt don Tiarna do Dhia as do tháin nó as do thréad san áit a thoghfaidh an Tiarna mar áitreabh dá ainm.
3
Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.
4
Ar feadh seacht lá dá bhrí sin ná bíodh aon ghabháile le feiceáil in aon teach ar fud do chríoch, agus aon fheoil a dhéanfaidh tú a íobairt tráthnona an chéad lae ná déantar í a choimeád thar oíche go maidin.
5
Ná hofráil íobairt na Cásca in aon bhaile dá dtugann an Tiarna do Dhia duit;
6
ach san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia le bheith mar áitreabh ag a ainm is ea atá íobairt na Cásca le hofráil agat, um thráthnóna, le dul faoi na gréine, faoin am a tháinig tú amach as an Éigipt.
7
Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna.
8
Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin.
9
«Áirigh seacht seachtainí agus tosaigh ar na seacht seachtainí a chomhaireamh ón uair ina gcuireann tú do chorrán buana san arbhar sa ghort.
10
Ansin déan féile na Seachtainí a cheiliúradh don Tiarna do Dhia le hofráil dheonach a thoirbhirt ó do láimh de réir bheannacht an Tiarna ort.
11
Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.
12
Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus coimeád na reachtanna seo le barr cúraim.
13
«Déan féile na dTaibearnacal a cheiliúradh ar feadh seacht lá nuair a bhíonn an clabhsúr agat ar bhualadh an arbhair agus ar fháscadh an fhíona.
14
Déan lúcháir ar an bhféile seo, tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhóntaí fir agus mná, an Léivíteach, an deoraí, an dílleachta agus an bhaintreach a chónaíonn i do bhailte.
15
Déan an fhéile a cheiliúradh don Tiarna do Dhia ar feadh seacht lá san áit a thoghfaidh an Tiarna; óir cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i do fhómhar go léir agus i saothar do lámh go léir, i dtreo go mbeidh tú lán d' áthas.
16
«Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,
17
ach tugadh gach fear uaidh de réir a chumais faoi mar a chuireann an Tiarna do Dhia a bheannacht ort.
18
«Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.
19
Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.
20
Bíodh an chóir go beacht mar sprioc agat i dtreo go mairfidh tú agus go mbeidh seilbh oidhreachta agat ar an talamh atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
21
«Ná seas cuaille naofa d' aon sórt crainn láimh leis an altóir atá tú á thógáil don Tiarna;
22
agus ná cuir suas aon ghallán, rud is fuath leis an Tiarna do Dhia.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34