bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Deuteronomy 25
Deuteronomy 25
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 26 →
1
«Má bhíonn aighneas idir daoine agus go dtéann siad chun cúirte agus go dtugann na breithiúna breith eatarthu agus a fhógairt an ceart a bheith ag an té a bhíonn sa cheart, agus an éagóir a bheith ag an té a bhíonn san éagóir,
2
má thuilleann an té a bhíonn san éagóir gabháil de lasc air, tugadh an breitheamh faoi deara é a chur ina luí agus gabháil de lasc air ina láthair leis an líon buillí a oireann dá choir.
3
Is ceadmhach daichead buille a bhualadh air, ach gan dul thairis sin, le heagla go mbeadh an léasadh ródhian agus go mbeadh drochmheas agat ar do bhráthair dá bharr.
4
«Na cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.
5
«Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith.
6
An chéad mhac a bhéarfaidh sí bíodh ainm an dearthár mhairbh air, d' fhonn nach scriosfaí a ainm as Iosrael.
7
Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: 'Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.'
8
Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: 'Ní áil liom glacadh léi,'
9
ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: 'Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,'
10
agus tabharfar mar shloinne dó ' Teach an té a Fágadh gan Chuarán'.
11
«Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d' fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile,
12
teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint.
13
Ná bíodh dhá mheá dhifriúla i do mhála ceann trom agus ceann éadrom.
14
Ná bíodh dhá thomhas difirúla i do theach, ceann beag agus ceann mór.
15
Ná bíodh agat ach aon mheá amháin, í iomlán cóir, agus aon tomhas amháin, é iomlán cóir, i dtreo go mbeadh saol fada agat sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
16
Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é.
17
Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt.
18
Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d' ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air.
19
Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34