bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Deuteronomy 17
Deuteronomy 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 18 →
1
«Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid.
2
Má bhíonn aon duine, fear nó bean, in bhur measc in aon cheann de na bailte atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, a dhéanann coir is fuath leis an Tiarna do Dhia agus a bhriseann a chonradh,
3
agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé,
4
agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael,
5
tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.
6
Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.
7
Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t-olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin.
8
«Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia,
9
agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit.
10
Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.
11
Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit.
12
Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.
13
Cluinfidh an pobal go léir ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad a leithéid de dhánaíocht arís.
14
«Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ' Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,'
15
ní foláir duit rogha an Tiarna do Dhia de rí a cheapadh os do chionn; ní foláir duine ar do bhráithre a cheapadh os do chionn mar rí; eachtrannach nach bráthair leat ní ceadmhach duit a cheapadh os do chionn.
16
Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d' fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: 'Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.'
17
Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.
18
Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach a scríobh dó féin i leabhar;
19
bíodh sé láimh leis i gcónaí, agus léadh sé é gach lá dá shaol, d' fhonn go bhfoghlaimeodh sé eagla an Tiarna a Dhia ag coimeád briathra uile an dlí seo agus na reachtanna seo agus á gcomhlíonadh.
20
Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34