bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 1
Amos 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 2 →
1
Briathra Amos, do bhí a measc áodhaireadh Thecoa, noch do chonnairc sé a ttáobh Israel a laéthibh Ussiah rígh Iúdah, agus a laéthibh Ieroboam mhic Ioas rígh Israel, dhá bhlíadhuin riomhe an ccríoth talmhan.
2
Agus a dúbhairt sé, Núallfuidh an TIGHEARNA ó Shion, agus foillseochaidh sé a ghúth ó Ierusalem; agus guilfid áitreabha na náodhaireadh, agus críonfuidh mullach Charmel.
3
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Dhamascus, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé íad; do bhrígh gur bhuáileadar Gileád lé súistighibh íaruinn:
4
Acht cuirfidh mé teine go tigh Hasael, noch dhóithfios palais Bhenhadad.
5
Brisfidh mé mar an ccéadna barra Dhamascus, agus géarrfa mé amach an táitreabhthach ó réiteach Abhen, agus an té chongmhas an tslat ríogha ó thigh Eden: agus rachfuid daóine na Síria a ndaóirsine go Cir, a deir an TIGHEARNA.
6
¶ Mar so a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Gása, agus ar son a ceathair, ní choigeola me íad: do bhrígh go rugadarleó a láimh na braighde go hiomlán, dá seachadadh do Edom:
7
Acht cuirfe misi teine air bhalla Gása, noch dhóichfios a páláis:
8
Agus géarrfa mé amach an táitreabhthach ó Asdod, agus an té chongmhas an tslat ríogha ó Ascelon, agus iompocha mé mo lámh a naghaidh Ecron, agus imeochuidh fuighilleach na Bhphilistineach seachad, a deir an Tighearna DIA.
9
¶ Marso a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Tírus, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé íad: do bhrígh gur sheachadar súas na braighde uile do Edom, agus nar chuimhnighiodar an cunnradh dearbhráithreamhuil.
10
Acht cuirfidh mé teine ar bhalla Tirus, noch loisgfios a páláis.
11
¶ Marso a deir an TIGHNARNA; Ar son thrí sáruighthe Edom, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé íad: do bhrígh gur ainlean sé a dhearbhrathair leis an ccloidheamh, agus gur theilg úadh gach uile thrúaighe, agus gur réub a fhearg go síorruidhe, agus gur chonnaimh a fhearg go síorruighe:
12
Acht cuirfidh mé teine air Théman, noch loisgfios páláis Bhosrah.
13
¶ Marso a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáraighthe chloinne Ammon, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé íad: do bhrígh gur scoiltiodar súas mná torrcha Ghíleád, chor go bhfairseongaidís a ttéora féin:
14
Acht lasfa mé teine a mballa Rabbah, agus loisgfidh sí a páláis sin, le gáir a ló an chatha, maille re stoirm a ló na gaóithe guáirdeáin.
15
Agus rachfuidh a rígh a mbraighdionas, é féin agus a phrionnsadha a néinfheacht, a deir an TIGHEARNA.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9