bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 9
Amos 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
1
Do chonnairc mé an TIGHEARNA na sheasamh air a naltóir: agus a dubhairt sé, Buáil an fárdorus, chor go ccroithid na postadha: agus géarr annsa chionn íad, iad uile; agus muirfidh misi an deighionach dhíobh leis an ccloidheamh; an té theithfios díobh ní rachfuidh sé as, agus an té rachfus as, ní sáorfuighear é.
2
Dá mbeith go ttocholaidís go hifrionn, do bhéara mo lámhsa as íad; dá mbeith go ndéandaois dreapaireacht súas go neamh, do bhéara mé liom as sín a núas íad:
3
Agus dá mbeith go bhfoileochaidís íad féin a mullach Charmel, spíonfa misi agus do bhéara mé as sín íad; agus da mbeith go mbeidís a bhfolach óm radharc a níochtar na fairge, annsin áitheonuidh mé don naithir nimhe, agus beanfuidh sí greim asta:
4
Agus má atá go rachaidís a ndaóirsine roimhe a naimhde, áitheonuidh mé don chloidheamh as sin, agus muirfidh sé íad: agus cuifidh mé mo shúile orra le holc, agus ni lé maith.
5
Agus isé an Tighearna DIA na slógh bheanfas ris an bhfearann, agus leaghfuidh sé e, agus caóidhfidh a nuile dhuine áitreabhus ann: agus éireochuidh súas go hiomlán amhuil tuile; agus biáidh báidhte, mar thuile na Hégipte.
6
A sé do ní a sheomradha annsna neamhuibh, agus do shuidhigh a shlúagh annsa talamh; an té ghoirios air uisceadhuibh na fairge, agus dhóirtios amach íad air adhaigh na talmhan: Isé an TIGHEARNA a ainm.
7
Nach bhfuiltí mar chloinn na Netíopeach dhamhsa, a chlann Israel, a deir an TIGHEARNA. Nach ttug mé Israel amach as crích na Hégipte? agus na Philistinigh as Caphtor, agus na Siríanuigh ó Chir?
8
Féuch, atáid súile an Tighearna DIA air an rioghacht pheacuigh, agus scriosfa misi í ó ghnúis na talmhan; amháin nach millfe mé tigh Iácob thríd amach, a deir an TIGHEARNA.
9
Oír féuch, fuáigeoruid misi, agus cáithfidh mé tigh Israel a measc na nuile chineadhach, amhuil chorruighthior arbhar a ccríathar, gidheadh ní thuitfidh an gráinne is lugha air an ttalamh dhe.
10
Eugfuidh uile lucht peacuidh mo phobailsi leis an ccloidheamh, noch a deir, Ní bhéara an tolc oruinn agus ní thoirmeoscuidh sinn.
11
¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Dháibhi do thuit, agus druidfidh mé súas a bheárnadha; agus cóireacha mé ar thuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéthibh a nallód:
12
Chor go sealbhochuid íarsma Edom, agus na ngeinteadh uile, noch goirthear am ainmsi, a deir an TIGHEARNA do ní so.
13
Féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an TIGHEARNA, go mbéaruidh an toireamh air an mbúanuighe, agus fear bhrúite na ccáor air an té chuirios an síol; agus silfid na sléibhte fíon milis, agus leighfid na huile chnoic.
14
Agus do bhéara mé a rís ar a nais braighde mo phobail Israel, agus cuirfid súas na caithreacha fásuidh, agus áiteochuid íad; agus plainndeochuid fineamhna, agus iobhuid a fíon sin; do dhéanuid fós gáirdínighe, agus íosuid dá ttoradh.
15
Agus plainndeocha misi ann a ndútháigh íad, agus ní tharrongthar íad ní sa mó a níos as a ndúthaigh noch thug mé dhóibh, a deir an TIGHEARNA do Dhía sa.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
Recommended Reading
Commentary
Amos Commentaries
→
Devotional
Amos Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→