bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 6
Amos 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 7 →
1
Amhairg don mhuinntir atá a socamhal ann Sion, agus chuirios a ndóigh a sliabh Shamáriah, noch dá ngoirthear tógha na ccineadhach, chum a ttáinic tigh Israel!
2
Imthighidh sibhsi go Calneh, agus feuchuidh; agus éirghidhe as sin go Hemat mór: annsin imthighidh síos go Gát na Bhphilistineach: an féarr íad náid na rioghachtasa? nó an mó a tteórainn ná bhur tteóruinnsi?
3
Sibhsi chuirios a bhfad uáibh an droch lá, agus do bheir ar chathaóir a néigin do theacht a bhfogus;
4
Noch luighios ar leabthachaibh iomhóg, agus shínios íad féin air a leabthachaibh, agus ithios na huáin amach as an ttréad, agus na gamhna as lár an stalla;
5
Noch chánas le fuáim an bhíol, agus ghléasas dóibh féin adhbhadha ciúil, cosmhuil re Dáibhi;
6
Noch ibhios fíon a mbulladhuibh, agus ungas íad féin leis na holuighibh is toghtha: acht ní bhfuil doilghios orra ar son anshógh Ióseph.
7
¶ Anois uimesin rachfuid síad a mbraighdionas leis an ccéaddroing rachfus a láimh, agus áithreochtar fleadh na droinge do shín íad féin.
8
Do thug an TIGHEARNA Día é féin mar mhionnuibh, a deir an TIGHEARNA Día na slógh, Fúathuighim oirdhearcus Iácob, agus fúathuighim a pháláis: uimesin seachóduigh mé súas an chathair gun a bhfuil innte uile.
9
Agus tiucfuidh a ccrích, má fhanann deichneamhar fear a neintigh, go bhfuighid síad bás.
10
Agus tóigfe dearbhrathair a athar súas é, agus an té loisgios é, do thabhairt a chnámh amach as an ttigh, agus a déara sé ris an té bhías ag táobhuibh an tighe, An bhfuil duine ar bioth agad? agus a déara seision, Ní bhfuil. Annsin a déara seision, Coisg do theanga: óir ní fhéadmaoidne teacht thar ainm an TIGHEARNA.
11
Oír féuch, daithin an TIGHEARNA, agus buáilfidh sé an tigh mór le briseadhibh agus an tigh beag le scoiltibh.
12
¶ An riothfuid eich air an ccaruic? an ttreabhochtha aon le damhuibh? óir dfilleabhair breitheamhnus chum domblais, agus toradh a nionracuis a muinmhear:
13
Sibhsi noch shólasuighios ann ní gan tadhbhacht, noch a deir, Nach ar ghabhamar chugainn adharca le ar neart féin?
14
Acht, féuch, tóigfe misi súas cineadh bhur naghaidh, a thigh Israel, a deir an TIGHEARNA Día na slógh; agus buáidheoruid síad sibh ó dhul a steach Hemat go habhuinn a nfásuigh.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
Recommended Reading
Commentary
Amos Commentaries
→
Devotional
Amos Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→