bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 8
Amos 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 9 →
1
Is marso do thaisbéin an Tighearna DIA dhamsa: agus féuch clíabh do thoradh samhruigh.
2
Agus a dubhairt sé, A Amois, cred do chí tú? agus a dubhairt misi, Clíabh do thoradh samhruigh. Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riomsa. Tháinic an deireadh air mo phobal Israel; ní ghéabha mé láimh ríu ní is mó.
3
Agus budh núallfhurtach cainticidh an teampuill san ló sin, a deir an Tighearna DIA: biáidh mórán do chorpuibh marbha ann gach áonáit; teilgfid síad amach íad le ciunas.
4
¶ Eistigh so, a lucht shluigios súas na ríachdanuigh, eadhon do thabhairt ar bhochtaibh a nfearuinn meath,
5
Ag rádh, Cá huáir rachus an ghealach núadh uáinn, chor go reacfam arbhar? agus an tsábboid, le ccuirfemís cruithneacht amach, ag déanamh an ephah beag, agus an tsecel mór, agus ag fallsughadh na ccomhthrom le mealltoireachd?
6
Chor go cceinneochamaóis an bochd le hairgiod, agus an teasbhadhach air phéire bróg; fós, go reacam salchar na ccruithneachda?
7
Do mhionnuigh an TIGHEARNA tres oirdhearcus Iácob, Go deimhin ní dhearmoda mé go bráth áoinni dá noibreachaibh.
8
Nach ccriothnochuidh an talamh uimeso, agus nach ccaóidhfidh gach duine dá ccomhnuighionn ann? agus éireochuidh súas go hiomlán amhuil tuile; agus teilgfighear amach agus báidhfighear é, amhuil le tuile na Hégipte.
9
Agus ttiucfa a ccrích annsa ló sin, a deir an Tighearna DIA, go ttiubhra misi air an ngréin dul faói san meadhon laói, agus do dhéana mé an talamh dorcha san ló ghlan:
10
Agus iompocha mé bhur bhféustadha a ndóbron, agus bhur nabhráin uile a ccumhaidh; agus do bhéara mé saicéadach súas air a nuile leasrach, agus maóile air gach nile cheann; agus do dhéana mé é umhuil mar budh cumhaidh arson aóinmhic. agus a chríochsin amhuil deireadh laói sheirbh.
11
¶ Féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an Tighearna DIA, go ccuirfe misi gorta annsa tír, ní gorta aráin, nó tart uisge, achd do éisteachda bhréithre an TIGHEARNA:
12
Agus seachránfuid ó fháirge go fairge, agus ón ttuáisceart gus an noirthear, riothfuid síad síos agus súas díarruidh bréithre an TIGHEARNA, acht ní bhfuighid síad í.
13
Annsna laéthibhsin anbhfainnfid na maighdiona breághdha agus na daóine óga lé tart.
14
An drong mhionnuighios fa pheacadh Shamária, agus a deir, A Dhan, mairidh do dhía se; agus, mairidh modh Bheer‐seba; eadhon tuitfid síadsin, agus ní éireochuid súas a rís go bráth.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
Recommended Reading
Commentary
Amos Commentaries
→
Devotional
Amos Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→