bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 7
Amos 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 8 →
1
Marso do thaisbéin an TIGHEARNA Día dhamhsa; agus, féuch, do chum sé a ttus theacht amach an dara fáis; agus, féuch, do bé sin an fás deighionach déis spealadóireachda an rígh.
2
Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar ithe féir na tíre, annsin a dubhairt misi, a Thighearna DIA, maith, íarruim dathchuinge ort: cía le neireochuidh Iácob? óir is beag é.
3
Do ghabh aithreachus an TIGHEARNA nimeso: Ní bhiáidh, a deir an TIGHEARNA.
4
¶ Is marso do thaisbéin an Tighearna DIA dhamhsa: agus, féuch, do ghoir an Tighearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáigh súas cuid dí.
5
Annsin a dubhairt misi, A Thighearna DIA, coisg, íarruim dathchuinge ort: cía lé néireochuid Iácob? óir is beag é.
6
Do ghabh aíthreachus an TIGHEARNA uimeso: ní bhiáidh so, a deir an Tighearna DIA.
7
¶ Is marso do thaisbéin sé dhamh: agus, féuch, do sheas an Tighearna air bhalla déanta le dorubha, maille re dorubha iona láimh.
8
Agus a dubhairt an TIGHEARNA riom, A Amóis, cred do chí tú? Agus a dubhairt misi, Dorubha. Ann sin a dubhairt an Tighearna, Féuch, cuirfidh misi dorubha a measc mo phobail Israel: ní ghéabha mé láimh ríu ní sa mhó:
9
Agus béid áite árda Isaac uáigneach, agus leagfúighear sanctuareadh Israel na bhfásach; agus éireochuidh mé a naghaidh thighe Ieroboam leis an ccloidheamh.
10
Ann sin do chuir Amasiah sagart Bhét‐el fios go Ieroboam rígh Israel, ag rádh, Dfeall Amos ad adhuigh a lár thighe Israel: ní héidir leis an ttír a bhríathra uile diomchar.
11
Oír is marso a deir Amos, Eugfuidh Ieroboam leis an ccloidheamh, agus béarthar Israel go deimhin a láimh as a ttír féin.
12
Fós a dubhairt Amasiah re Hamos, Thusa a fhir fise, imthigh, teith romhad go tír Iudah, agus ith áran annsin, agus tairrghir ann:
13
Acht ná tairrghir a rís ní is mó a Mbétel: óir isé sépel an rígh é, agus isí cúirt an rígh í.
14
¶ Aunsin do fhreagair Amos, agus a dubhairt sé re Hamasiah, Ní fáigh misi, nó mac faighe mé; acht dob áodhaire mé, agus do budh cruinneochthóir toruidh fígeadh fíadháin mé:
15
Agus do ghlac an TIGHEARNA mé, mar do lean mé an tréud, agus a dubhairt an TIGHEARNA riom, Imthigh, tairrghir dom phobal Israel.
16
¶ Anois uimesin éist thusa bríathra an TIGHEARNA: a deir tú, Na tairrghir a naghaidh Israel, agus ná sil do bhríathra a naghaidh thighe Isaac.
17
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Biáidh do bhean na meirdrigh annsa chathruigh, agus tuitfid do mhic agus hingheana leis an ccloidheamh, agus roinnfighear thfearann le dorubha; agus do gheabha tú bás a bhfearann thruáillighthe: agus rachaidh Israel go deimhin a ndaoirsine as a ndúithche.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9