bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 5
Amos 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 6 →
1
Eistighse an bhríatharso noch thógbhuimsi súas bhur naghaidh, eadhon cáoineadh, a thigh Israel.
2
Do thuit maighdion Israel; ní éireocha sí ní is mó: do tréigeadh í air a dúthaigh; ní bhfuil duine ar bioth dá tógbháil súas.
3
Oír is marso a deir an Tighearna DIA; An chathair do chuáidh amach na míle, fúigfidh sí céud, agus an chathair do chuáidh amach na céad fúigfidh sí deichneamhar, ag tigh Israel.
4
¶ Oír is marso a deir an TIGHEARNA ré tigh Israel, Iarruidhsi misi, agus mairfidhe:
5
Acht ná híarruidh Bet‐el, agus ná héirghidh a steach go Gilgal, agus ná gluáisigh go Beer‐seba: óir rachfuidh Gilgal go deimhin a mbraighdionas, agus rachfuidh Bet‐el a neimhní.
6
Iarruidh an TIGHEARNA, agus mairfidhe; deagla go mbrisfeadh sé amach amhuil teine a ttigh Ióseph, agus go loisgfiodh sé é, agus nach bíadh duine air bioth a Mbet‐el do mhúchfadh é.
7
Sibhse iompoighios breitheamhnus a murmónta, agus léigios díbh fíréantacht annsa ttalamh,
8
Iarruidh an té do ní na seacht réulta agus Orion, agus iompoighios scáile an bháis a maidin, agus do ní an lá dorcha ris a noidhche: noch ghoirios air uisgeadhuibh na fairge, agus dhóirtios amach íad ar ghnúis na talmhan: isé An TIGHEARNA a ainm:
9
Noch neartuighios an té bhíos creachta a naghaidh an neartmhair, iondus go ttiucfaidh an drong chreachta a naghaidh an daingin.
10
Fúathuighid síad an té aithbhirios annsa gheata, agus gráinid ris an té labhras go díreach.
11
Ar a nadhbharsin do bhrígh gorub air an mbocht shaltras sibh, agus go mbearthaói úaluighthe cruithneachda úadha: do rinneabhair tighthe do chlochaibh snoighte, acht ní áitreochthaói ionta; do phlannduigheabhair fíneamhna taitneamhacha, acht ní iobhthaói fíon díobh.
12
Oír is aithnid damhsa bhur niomad ciontadh agus bhur bpeacuidhe an‐mhóra: céusuid an fíréun, glacuid cumhaidh, agus fillid an bocht do leaththáoibh annsa gheata.
13
Uimesin tochdfuidh an duine críonna san namsin; oír is drochaimsir í.
14
Iarruidh maith, agus narab olc, chor go mairfidhe: agus marsin go mbiáidh an TIGHEARNA, Día na slógh, libh, mar do labhrabhair.
15
Fúathuighidh an tolc, agus grádhuighidh an mhaith, agus suighidh breitheamhnus annsa gheata: dob éidir go mbíath an TIGHEARNA Día na slógh grásamhuil ré híarasma Ióseph.
16
Uimesin an TIGHEARNA, Día na slógh, is marso, a deir an Tighearna; Biáidh caói annsna huile shráidibh; agus a déaruid annsna huile shlighthibh móra, Mó thruáighe! mo thruaighe! agus goirfidh an fear oibre chum cumha, agus an lucht bhíos éolach a ccaóineadh chum caóinte.
17
Agus biáidh caóineadh ann gach uile ghárradha fíneamhna: óir géabha misi thríd, a deir an TIGHEARNA.
18
A mhairg dhíbhsi air a bhfuil fonn laói an TIGHEARNA! cred é so dhíbh se? is dorchadus lá an TIGHEARNA, agus ní solus.
19
Amhuil dá tteitheadh duine roimhe leomhan, agus go tteigeomhadh bethir air; no go rachadh a steach annsa tigh, agus a lámh do léigion air an mballa, agus aithir nimhe do bhreith air.
20
Nach budh dorchadus lá an TIGHEARNA, agus ni solus? eadhon ro dhorcha, agus gan soillsi ar bioth ann?
21
¶ Fúathuighim, dísbeaguim bhur laéthe feusta, agus ní bhoiltneocha mé ann bhur ccoimhthionóluibh sollamonta.
22
Bíodh go nofráluidhe dhamhsa ofráil loisge agus bhur nofrála bídh, ní ghéabha misi íad: ní mó chuirtios mé suim a nofrála síodhchána bhur mbeathach méith.
23
Beir thusa uáim fuáim do chaintic: óir ní éistfe mé ceól hadhbhuidh.
24
Acht riothadh breitheamhnus síos amhuil uisgeadha, agus fíréantacht amhuil sruth laidir.
25
Nar ofrálabhair dhamhsa íodhbartha agus ofrála annsa bhfásach ceathrachad bliadhan, a thigh Israel?
26
Acht diomchrabhair tabernacuil bhur Moloch agus Chiun bhur níomháighe, réult bhur ndé, noch do rinneabhair dhíbh féin.
27
Uimesin do bhéara misi oruibhsi dul a ndaóirsine táobh thall do Dhamascus, a deir an TIGHEARNA, darab ainm, Día na slógh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
Recommended Reading
Commentary
Amos Commentaries
→
Devotional
Amos Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→