bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Amos 4
Amos 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 5 →
1
Eistighsi an focalso, a bhath Básan, atá a slíabh Shamária, noch sháruighios an bocht, noch chrupas an riachdanach, noch a deir re na maighistribh, Tabhruigh, agus ibheam.
2
Do mhionnuigh an Tighearna DIA fa na náomhthacht, féuch, go ttiucfuid na laethe oruibh, go mbéara sé leis sibh le crúcadhuibh, agus bhur sliocht le dubhánuibh íascuireachta.
3
Agus rachthaoi amach air na béarnuibh, gach áon bhó air an ní bhías roimpe; agus teilgfidhe íad annsa phálás, a deir an TIGHEARNA.
4
¶ Tigidh go Bet‐el, agus sáruighidh; ann Gilgal oirlíonuidh peacadh; agus tugaidh bhur níodhbartha libh gach maidin, agus bhur ndeachmhadha tar éis thrí mblíadhan:
5
Agus ofraluidh íodhbuirt bhuidheachuis maille re loibhín, agus fúagruidh agus foillsighidh na hoffrála toileamhla: óir táitnigh so ribhsi, a chlann Israel, a deir an Tighearna DIA.
6
¶ Agus thug misi fos gloine fhíacal díbh ann bhur ccaithreachaibh uile, agus easbhuidh aráin ann bhur bpálásaibh: acht cheana níor filleabhair chugamsa, a deir an TIGHEARNA.
7
Agus marsin do chonnaimh mé a nfearthuinn uáibh, a nuáir do bhádar fós trí mhí gus an bhfóghmhar: agus thug mé air fearthuinn air áonchathruigh, agus thug mé air gan fearthuinn air chathruigh oile: do fearadh air chuid amháin, agus an chuid air nar fearadh do chríon sé.
8
Marsin do sheachránadar a dó nó a trí do chaithreachaibh go háonchathruigh dól uisge; acht níor sásadh íad: gidheadh níor fhilleabhair chugamsa, a deir an TIGHEARNA.
9
Do bhuáil mé sibh le loscadh gaóithe agus le milchéo: an tan dfásadar bhur ngáirdíne agus bhur bhfíneamhna agus bhur ccroinn fíge agus bhur ccroinn ola, do mhill an phéisd palmer íad: gidheadh níor fhilleabhair chugamsa, a deir an TIGHEARNA.
10
Do chuir mé an phláigh bhur measg do réir ghnátha na Hégipte: do mharbh mé bhur ndaóine óga ris an ccloidheamh, agus rug mé bhur neich uáibh; agus thug mé air bhréantas bhur bhfoslongphort teacht súas chum bhur bpolláireadh: gidheadh níor fhilleabhair chugam, a deir an TIGHEARNA.
11
Do scrios mé cuid díbh, amhuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah, agus do bhádhbhair amhuil aithinne ar na tharruing amach as an losgadh: thairis sin níor fhilleabhair chugamsa, a deir an TIGHEARNA.
12
Ar a nadhbharsin is marso do dhéana mé riot, a Israel: agus do bhrígh go ndéana mé so riot, ullmhaigh do theagmháil ré do Dhía, a Israel.
13
Oír, féuch, na té chumas na sléibhte, agus chruthuighios an gháoth, agus fhoillsighios don duine cred is sinúaineamh dhó, do ní dorchadas don mhaidin, agus shaltras a náitibh árda na talmhan, isé a ainm, An TIGHEARNA, Día na slógh.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9