bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 1
Genesis 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 2 →
1
Ar ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh.
2
Agus do bhí an talamh gan fhoirm, agus folamh; agus do bhí dorchadus ar aghaidh an aigéin. Agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh.
3
Agus a dubhairt Dia, Bíodh solus ann: agus do bhí an solus ann.
4
Agus do chonnairc Día an solus: gur mhaith é, agus do roinn Día idir an solus agus an dorchadus.
5
Agus do ghoir Día don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé oidhche. Agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá.
6
Agus a dubhairt Día, Biodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh.
7
Agus do rinne Día an fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faói an bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente: agus do bhí mar sin.
8
Agus do ghoir Día don fhiormament neamh. Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an dara lá.
9
Agus a dubhairt Día, Cruinnighthear na huisgeadha atá fáoi neamh a néunáit, agus léigthear an úir tirm leis: agus do bhí mar sin.
10
Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnighthibh na nuisgeadh do ghoir sé fairge; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
11
Agus a dubhairt Día, Tugadh an talamh féur, agus an luibh as a ttig síol, agus crann toraidh do bheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann féin ar an ttalamh; agus do bhí mar sin.
12
Agus tug an talamh mínfhéur, agus luibh do bheir síol do réir a chinéil, agus crann do bheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
13
Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá.
14
Agus a dubhairt Día, Bíodh lochrainn a bhfiormament neimhe do roinn eidir an lá agus a noidhche; agus bídís ar son chomharthaibh, agus ar son aimsearuibh, agus ar son laithibh, agus bliaghnuibh:
15
Agus bidís mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh; agus do bhí mar sin.
16
Agus do rinne Día dhá lóchrann mhóra; an lóchrann as mó do ríaghladh an laói, agus an lóchrann as lugha do ríaghladh na hoidhche: agus na réulta mar an cceadna.
17
Agus do shuighe Día íad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh.
18
Agus do ríaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn idir an tsolus agus an dorchadus; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
19
Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá.
20
Agus a dubhairt Dia, Tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an créatuir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhéadfas eiteadh ós cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe.
21
Agus do chruthaidh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beó chorruigheas, noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile éun sgiathánach do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
22
Agus do bheannaigh Día íad, ag rádh, Bíodh sibh tórrthach agus firlíonaidh, agus lionaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus líonadh an éunlaith ar an ttalamh.
23
Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigéadh lá.
24
Agus a dubhairt Día, Tugadh an talamh úadha créutúir beó do réir a chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil; agus do bhí mar sin.
25
Agus do rinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a gcinéil, agus áirnéis do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin.
26
Agus a dubhairt Día, Déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar ccosamhlachda féin, agus bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn éunlath an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós ciónn na talmhan uile, agus ós cionn ann uile neithe shnamhuigheach shnámhus ar an ttalamh.
27
Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad.
28
Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.
29
Agus a dubhairt Día, Féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh do bheir síol da bhfuil ar druim na talmhan, agus gach uile chrann, an a bhfuil toradh croinn do bheir síol; biáidh sé na bhíadh dhibh.
30
Agus dá gach uile bheitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun sa naieir, agus dá gach aoinní shnámhus ar an ttalamh, ann a bhfuil anam, tug mé gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus do bhí mar sin.
31
Agus do chonnairc Día gach áoinní dá ndéarna sé, agus, féuch, do bhí go romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50