bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 35
Genesis 35
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 36 →
1
Agus a dubhairt Día ré Iácob, Eirigh, imthigh súas go Bétel agus comhnuigh ann sin: agus déun altóir ann do Dhía noch do fhoillsigh é féin duit a nuáir do theith tú ó lathair do dhearbhrathar Esau.
2
Ann sin a dubhairt Iacob ré na mhuinntir, agus ré a raibh na fhochair uile, Cuiridh uáibh na deé coimhightheacha atá eadruibh, agus bíghí glan, agus athruighidh bhur néudnighe:
3
Agus éirgheam agus teannum súas go Bétel, agus do dhéana misi altóir ann do Dhía, noch do fhreagair mé a nam mo chrúadhóige, agus do bhi liom ann gach slighe ar ghabhus.
4
Agus tugadur do Iácob a raibh do dhéeibh coimhightheacha ann a lámhuibh, agus a raibh dfainnibh-cluas na gcluasuibh; agus do fholuigh Iácob íad faói an daruigh noch do bhí laimh ré Sechem.
5
Agus do ghluáiseadur; agus do bhí eagla Dé ar na caithreachuibh do bhí gacha táobh dhiobh, agus níor leanadar síad clann Iácob.
6
Mar sin thainíc Iácob go Lus, noch atá a ttír Chánaan, eadhon Bétel, é féin agus a raibh aige uile.
7
Agus do rinne altóir ann, agus do ghoir El-Bétel do náit: do chionn gurob ann do thaisbéin Día é féin dó, a nuair do theith sé ó lathair a dhearbhrathar.
8
Ach fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í táobh shíos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut dainm dhe.
9
Agus do thaisbéin Día a rís é féin do Iácob, a nuáir tháinic sé amach as Páda-Aram, agus do bheannuigh sé é.
10
Agus a dubhairt Día ris, Iácob as ainm dhuitsi; ni goirfighear feasda Iácob dhíot, ach Israel bhus ainm dhuit: agus do ghoir sé Israel dainm dhe.
11
Agus a dubhairt Día ris, Is misi Día uile chumhachdach: bí siolmhar agus foírlíon; tiocfuidh cineadh agus morán do chinidheachuibh uáid, agus tiocfaid ríghthe amach ód fhordhronnuibh;
12
Agus an dúthaidh tug misi do Abraham, agus do Isaac, do bhéura mé dhuitsi í, agus dot shíol ad dhiáigh do bhéura mé an dúthaigh sin.
13
Agus do chuáidh Día úadh súas sa náit a raibh ag caint ris.
14
Agus do tóg Iácob piléir sa náit a raibh ag caint ris, eadhon pileir cloiche, agus do dhóirt ofrail dighe air, agus do dhóirt ola air.
15
Agus tug Iácob Bétel dainm ar a náit a raibh Día ag caint ris.
16
Agus do aistrigheadur ó Bhétel; agus ní raibh ach slighe ghearr ag teachd go Hephrat: agus do ghabh teinnios cloinne Ráchel, agus fuáir sí saothar docamhlach.
17
Agus tárla a nuair do bhí sí ann a sáothar éigeantach, go ndubhairt an bhean chunganta ría, Ná bíodh eagla ort; biáidh an macsa agad mar an gcéadná.
18
Agus tárla, a nuáir do bhí a hanam ag dul aiste, (óir fuáir sí bás) gur goir sí Benoni dainm dhe: ach tug a athair Beniamin dainm air.
19
Agus fuáir Ráchel bás, agus do hadhluicedh í ar a tslighe a ngabhthaoi go Héphrat, noch re raidhtior Bétlehem.
20
Agus do chuir Iácob Piléir ar a huáighe: sé sin Piléir uáighe Ráchel gus a niugh.
21
Agus do aistrigh Israel, agus do leathnuigh a phubuil táobh thall do thor Edar.
22
Agus tárla, a nuáir do bhí Israel ná chomhnuighe sa duthaigh sin, go ndeachuidh Reuben, agus gur luigh re Bilhah leannán athar: agus do chúaluidh Israel sin. A nois clann Iácob bá dhá fhear dhéag iad.
23
Mic Léah Reuben céidghin Iácob, Símeon, agus Lébhi, agus Iúdah agus Issachar, agus Sebulun.
24
Mic Ráchel; Ióseph, agus Beniamin.
25
Mic Bhilhah, cumhal Ráchel; Dan agus Naphtali.
26
Agus mic Silpah, cumhal Léah; Gad agus Assur. Asíad so mic Iácob, noch do rugadh dhó a Bpádan-Aram.
27
Agus táinic Iácob go nuige a athair Isaac go Mamre go cathruigh Arbah, (eadhon Hébron) áit ar chomhnuidh Abraham agus Isaac.
28
Agus dob íad láethe Isaac céud agus ceithre fichid blíadhan.
29
Agus do thiomun Isáac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinnigheadh chum a dhaóine é, ar mbeith foirfe lán dáois dó: agus do adhlaiceadur a chlann Esau agus Iácob é.
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 36 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50