bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 19
Genesis 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 20 →
1
Agus tangadar dá aingeal go Sodom trathnóna; agus do bhí Lot na shuighe a ngeata Shodom: agus a nuair do chonnairc Lot íad, do éirigh súas do theagmhail ríu; agus do chlaon sé é féin maille ré na ghnúis sios go talamh;
2
Agus a dubhairt sé, Féuchuidh anois a thighearnadha, íarruim oruibh, fillidh asteach, go tigh bhur seirbhísigh, agus fhanuidh ar feadh na hoidhche, agus ionnluigh bhur ccosa, agus eireochuidh sibh súas go moch, agus rachaidh sibh romhuibh ann bhur tturus. Agus a dubhradar san, Ni headh; ach anfam ar a tsráid feadh na hoidhche.
3
Agus do sháruigh sé orra go mór; agus do fhilleadar a steach chuige, agus do chuadar don tigh; agus do rinne sé feusda dhóibh, agus do chruadhigh sé arán gan laibhín, agus a dúadur san.
4
Ach suil do luigheadar síos tangadur dáoine na caithreach, edhon dáoine Shodom, thimchiolladar an tighe, eidir shean agus og, an pobal uile as gach uile táobh:
5
Agus do ghoireadur ar Lot, agus a dubhradur ris, Cáit a bhfuilid na dáoine tháinig chugad a nochd? tabhair amach chuguinne iad, go mbeith a bhfios aguinn.
6
Agus do chuaidh Lot amach san dorus chuca, agus do dhrdhuid sé an dorus na dhiaigh,
7
Agus a dubhairt, guidhim sibh a dhearbráithre, ná déunaidh a chomholc sin do ghníomh.
8
Féuchuidh a nois atáid agum días inghean nar fhionn fear, iarruim oruibh, leigidh dhamh a ttabhairt chuguibh amach, agus déunaidh riú mar do chitear dháoibh: amháin na déunuidh éinní air na fearuibhse; óir is chuige sin tangadur fá dhíon mo thighese.
9
Agus a dubhradar san, Seas síar. Agus a dubhradur arís, Na áonar tháinic an fearso ar chuáirt asteach, agus ní fuláir leis bheith na bhreitheamh: a nois do dheanam ní is measa riotsa, na ríusan. Agus do sháruigheadar go mór an toglach, eadhon Lot, agus tangadur a bhfogus don dorus dá bhriseadh.
10
Ach do chuireadar na dáoine a lámh amach, agus do thairrngeadar Lot chuca asteach, agus do dhruideadur andorus.
11
Agus do bhuaileadar na dáoine do bhi ag dorus an tighe le doille, ó bheag go mór: ionnus gur thuirsigheadar iad féin ag íarruidh an doruis.
12
Agus a dubhradur na fir ré Lot, An bfuil agad annso éinneach eile? do chlíamhuin, dó mhaca, agus hingheana, gidh bé ar bith ata agad annsa chathruigh, tabhair iad amach as a naitsi:
13
Oir sgriosfuimne a náit se, do chionn gur fhás a néighmhe mhór a lathair an TIGHEARNA; agus do chuir an TIGHEARNA sinné dhá sgrios.
14
Agus do chuáidh Lot amach, agus do labhair ré na chleamhnuibh, noch do phós a ingheana, agus a dubhairt, Gluaisigh, fágbhuidh a náitsi amach; óir sgriosfuidh an TIGHEARNA an chathair so. Ach dar lé na chleamhnuighibh bá fear moguidh é.
15
Agus a nuáir do éirigh an mhaidion, an sin do bhrosduighedar na haingil Lot, ag rádh, Eirigh, glac do bhean, agus do dhías inghean, atá ann so; deagla go ttuitfá a ccionta na caithreach.
16
Agus mar do bhí ag déunamh moille, rugadur na dáoine ar láimh air, agus ar láimh a mhná, agus air láimh a dheis inghean; ar mbeith don TIGHEARNA grásamhuil dó: agus tugadur leó amach é, agus do shuigheadar taobh amuigh don chathruigh é.
17
Agus tárla, a nuair thugadur léo amach íad, go ndubhairt sé, Teith lé tanam; ná féuch ad dhiéigh, agus na fan annsa réiteach uile, teith fan tsliabh, deagla do aidhmhillte.
18
Agus a dubhairt Lot ríu, Oh, ní mar sin, a THIGHEARNA:
19
Féuch annois, fuair do shearbhfoghantuigh grása ad radharc, agus do méuduigh tú do thrócaire noch do thaisbéin tú dhamhsa ag cumhdach mhanma: agus ní fhéuduim teitheamh fan tslíabh, deagla uilc éigin do bhuain damh, agus go bhfuighinn bás:
20
Féuch anois, is fogus an chathairsi re teitheamh chuice, agus is beag í; oh, léigthear dhamh teitheamh ann súd, a né nach beag í? agus mairfidh manam.
21
Agus a dubhairt sesion ris, Feuch, do ghabh me hathchuinghidh chugam attáoibh an neithesi mar an cceudna, nach millfe mé an chathairse, air son ar labhair tú.
22
Deifrigh ort, teith ann súd; óir ní fheuduimsi einní do dhéunamh no go ndeachaidh tú ann súd. Uime sin do goireadh Soar dainm don chathruigh.
23
Déirigh an ghrían air an dtalamh a nuáir do chuáidh Lot a steach go Soar.
24
Ann sin do fhear an TIGHEARNA ar Shodom agus ar Ghomorrah ruibh agus teine ón TIGHEARNA amach as flaitheamhnus;
25
Agus do theilg seachad na caithreacha, sin agus an fearann uile, agus áitreabhuigh na ccaithreach uile, agus an ní do fhás ar an ttalamh.
26
Ach do fhéuch a bhean na dhiáigh táobh shiar dhe, agus do rinneadh piléir saluinn di.
27
Agus do éirigh Abraham go moch ar maidin go nuige a náit ar sheas sé as coinne an TIGHEARNA:
28
Agus do fheuch sé ar Shodom agus ar Ghomorrah, agus ar fhearann an réitigh úile, agus do amhairc, agus, féuch, do chúaidh deatách na tíre súas amhuil dheatuigh fhuirnise.
29
Agus tárla, a núair do sgrios Día caithreacha an réitigh, gur chuimhnigh Día air Abraham, agus gur chuir sé Lot amach as lár a náir, a nuáir do sgrios sé na caithreacha ann a raibh Lot na chómhnuidhe.
30
Agus do chúaidh Lot súas amach as Sóar, agus do chomhnuidhe ar a tslíabh agus a dhías inghean na fhochair óir dob eagal leis comhnuidhe do dhéunamh a Soar: agus do áitribh sé a núaimh é féin agus a dhías inghean.
31
Agus a dubháirt an ti budh sine ris an ti dob óige, Atá ar nathair foirfe agus ní bhfuil duine ar domhan do bhiáidh aguinn do réir modha an tsháoghuil uile.
32
Gluais, tugam air ar nathair fíon dól, agus luighfiom na fhochair go ccoimheudum síol ó ar nathair.
33
Agus tugadar ar a nathair fíon dól a noidhchesin: agus do chúaidh an bhean budh sine a steach, agus do lúigh le na hathair; agus níor mhothuigh se a nuáir do luigh, nó a nuáir do éirigh si,
34
Agus tárla ar na mhárach, go ndubhairt an inghean budh sine ris an inghein dob óige, Féuch, do luidh misi a réir leam athair: tugam air fíon dól a nochd mar an ccéudna; agus éirighsi a steach, agus luidh leis, go ccongmham síol ó ar nathair.
35
Agus tugadar ar a nathair fíon dól an oidhche sin mar an gcéudna, agus do éirigh an bhean dob óige, agus do luidh aige, agus nior mhothuigh seision a nuáir do luidh si síos, nó a nuáir do éirigh sí.
36
Mar so do bhádar días inghean Lot torrach agá nathair.
37
Agus rug an bhean bá sine mac, agus tug Móab dainm air: a sé an fear céudna sin as athair do na Moabitibh gus a niugh.
38
Agus an bhean dob óige rug si mac mar an gcéudna, agus do goir Ben-ammi dainm dhe: a sé sin as athair do chloinn Ammon gus a niugh.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50