bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 47
Genesis 47
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 46
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 48 →
1
Ann sin táinic Ioseph, agus do innis do Phárao, agus a dubhairt, Tángadur máthair agús mo dhearbhraithre, agus a tréada, agus a nealbhadha, agus a bhfuil aca as tir Chánaain; agus, féuch, atáid siád a bhfearann Gosen.
2
Agus rug leis cuid dá dhearbhraithribh, eadhon cúigior dhíobh, agus do thaisbein do Phárao íad.
3
Agus a dubhairt Phárao ré na dhearbhráithribh, Créad as ceird dhaoibh? Agus a dubhradursan ré Phárao, Aodhairighe cáorach do sherbhísigh, sinn féin aráon, Agus ar naithre mar an gcéadna.
4
A dubhradursan fós re Phárao, Is do chomhnuidhe san bhfearann do thangamar; óir ní bhfuil féur ag ad sherbhíseachuibh dhá náirnéis, óír atá an ghorta go trom a ttír Chanaaín; a nois dá bhrigh sin, iarrmaoid dathchuinge ort, tabhair áitreabh dot sherbhiseachuibh a bhfearann Gosen.
5
Agus do labhair Phárao ré Ióseph, ag radh, Tangadur hathair agus do dhearbhraithre chugad.
6
Atá críoch na Hégipte as do choinne; ann sa chuid is féarr don tír cuir hathair agus do dhearbhraithre na gcomhnuighe; áitreabhaidis a bhfearann Gosen: agus más aithne dhuit aonduine cumusach na measg, ann sin deana uachdarán díobh os cionn máirnéisi.
7
Agus tug Ioseph Iacob a athair a steach, agus do shuighidh é as choinne Phárao; agus do bheannuigh Iacob Phárao.
8
Agus a dubhairt Phárao ré Iácob, Cá haóis tú?
9
Agus a dubhairt Iacob ré Phárao, Bliadhna laéthe moilithre is céad agus tríochad bliadhan íad: fá tearc agus fá holc láethe bliadhna mo bheatha, agus ni rainic mé laethe bliadhna bheatha maithreach, a laethibh a noilithresion.
10
Agus do bheannuigh Iacob Pharao, agus do chuaidh amach as fiaghnuise Phárao.
11
Agus do áitigh Ioseph a athair agus a dhearbhráithré, agus tug sealbh dhóibh a ccrích na Hégipte, san chuid do bhféarr don dúthaigh, a bfearann Rameses, mar do aithin Phárao dhe.
12
Agus do oil Ioseph a athair agus a dhearbhráithre, agus muinntir thighe a athar, uile lé harán, do réir a muinntir.
13
Agus ní raibh arán ar bith san tír uile; óir do bhí an ghorta ro throm, ionnus gur hanbhfainneach críoch na Hégipte, agus tír Chánaain uile do bhrígh na gorta.
14
Agus do chruinnígh Ioseph súas a nuile airgead fríth a ccrích na Hégipte agus a ttír Chánaain ar son a narbha do cheannchadur, agus tug Ioseph an tairgead a steach go tigh Phárao.
15
Agus an tan do thraoth an tairgead a ccrích na Hégipte, agus a ttír Chánaain, tangadur na Hégiptigh uile chum Ióseph, agus a dubhradur, Tabhair dhuinn arán; óir cread fa bhfuighemis bás ad fhiaghnuise? óir do imthigh an tairgead úainn.
16
Agus a dubhairt Ioseph, Tugaidh bhur náirnéis uáibh agus do bhéura misi dhíbh ar son bhur náirnéisi, má dfaillidh an tairgead oruibh.
17
Agus tugadur a náirnéis go Ióseph: agus tug Ioseph árán dóibh ar a neachuibh, agus ar a ttréaduibh, agus ar áirnéis a néalbhann, agus ar a nassaluibh: agus do bheathaidh sé íad le harán ar son a náirnéisi uile ar feadh na blíadhna sin.
18
A nuair do críochnuígheadh an bhlíadhuin sin, tangadur chuige an dara blíadhuin, agus a dubhradur ris, Ní cheilfiom ar mo thighearna, gur caitheadh ar gcuid airgid, fuáir ar ttighearna mar an gceadna ar ttréada áirnéise; níor fágbhadh éinni aguinn a lathair ar ttighearna an achd ar gcuirp agus ar bhfearann.
19
Uime sin cread fá bhfuighemis bás a bhfiaghnuisi do shúl, sinn féin aráon agus ar bhfearann? ceannuigh sinn féin agus ar bhfearann ar arán, agus bíam féin agus ar bhfearann ar serbhíseachuibh ag Phárao: agus tabhair síol dúinn, ar chor go maiream, agus nach bhfuigheam bas, agus nach bía an fearann na fhásach.
20
Agus do cheannuigh Ioseph fearann na Hégipte uile do Phárao; óir do reacadar no Hégiptigh gach éanduine dhióbh a fhearann, do chionn go rug an ghorta buáidh orra: mar sin tháinic an fearann chum Phárao.
21
Agus ar son na ndáoine, do áthruigh sé íad do na caithreachuibh ó cheann bhruáich na Hégipte, go nuige an ceann eile dhi.
22
Amháín fearann na sagart níor cheannuigh sé é, óir do fúaradar na sagairt comhroinn ó Phárao, agus a dúadur a ccomhroinn noch tug Pháraó dhóibh; uime sin níor reacadur a bhfearann.
23
Ann sin a dubhairt Ióseph ris an bpobal, Féuchuigh, do cheannuigh mé a niugh sibh féin agus bhur bhfearann do Phárao; féuchuidh, ag sin síol aguibh, agus cuirfídhe an fearann.
24
Agús tiucfaidh a ccrích ann sa mbiseach, go ttiubhartháoi an cúigeadh cuid do Phárao, agus biaidh cheithre chuid aguibh féin, chum síl a nfearainn, agus chum bhur mbeatha, agus do mhuinntir bhur ttighe, agus mar bheatha dá bhur leanbuibh.
25
Agus a dubhradarsan, Do shábháil tú ar mbeatha: fághmaoid grása a radharc mo thighearna, agus biamáoid ar serbhíseachaibh ag Phárao.
26
Agus do rinne Ióseph sin na dhligheadh ar feadh chríche na Hégipte gus a niugh, go bhfuighe Phárao an cúigeadh cuid; achd amháin fearann na sagart, noch nach ráinic chum Phárao.
27
Agus do bhí Israel na chomhnuighe a gcrích na Hégipte, a bhfearann Gosen; agus do bhádur shealbha dúthaigh aca ann sin, agus do fhásadur, agus do lionadur go hiomadamhuil.
28
Agus do mhair Iácob a gcrích na Hégipte seachd mbliadhna déug: mar sin gur bhí áois iomlán Iácob, céad agus dá fhichead agus seachd mbliadhna.
29
Agus do dhruid aimsir bháis Israel a ngar: agus do ghoir sé a mhac Ióseph, agus a dubhairt sé ris, Má fuair mé anois grása ad radharc, íarruim mar athchuinghe ort, cuir do lámh fáoim ladhairg, agus déana do cinealta fírinneach riom; iárruim dathchuinghe ort, ná hadhlaic mé sa Négipt;
30
Ach luidfidh me a bhfochair mo aithreach, agus béura tusa leachd mé as a Négipt, agus adhluic mé a náit a nadhlaicthesion. Agus a dubhairt seision, Do dhéana mé mar a dubhairt tú.
31
Agus a dubhairt seision, Tabhair do mhionna dhamh. Agus tug sé a mhionna dhó. Agus do chláon Israel é féin ar cheannadhairt na leaptha.
← Chapter 46
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 48 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50