bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 50
Genesis 50
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 49
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
1
Agus do luigh Ióseph ar aghuidh a athar, agus do ghuil air, agus do phóg é.
2
Agus do aíththin Ioseph dá shearbhfoghantuibh na leagha, a athar do bhalmnughadh: agus do bhalmnuigheadur na leagha Israel.
3
Agus do coimhlíonadh ceathrachad lá dhó: (óir is mar sin coimhlíontar laéthe na druinge do níthear a bhalmnughadh) agus do rinneadur na Hégiptigh doilghios ar a shoin, trí fichid agus deich lá.
4
¶ Agus a nuáir do chúadar laéthe a ndóbróin thárrsa, do labhair Ióseph ré tígh Phárao, ag rádh, A nois ma fuáir mé grása ann bhur radharc, guidhim sibh, labhruidh a gclúasuibh Phárao ag rádh,
5
Do bhean máthair mionna dhíom ag rádh, Féuch, atáim ag fagháil bháis: ann muaighe do thochuil mé dhamh fein a ttír Chánaain, ann sin adhlócus tú mé. Annois íarruim dathchuinge ort, léig dhamh dul súas, agus máthair dadhlacadh, agus tiocfa mé a rís.
6
Agus a dubhairt Phárao, Imthigh súas, agus adhluic hathair, mar do thug mionna ort.
7
¶ Agus do chuaidh Ióseph súas dadhlacadh a athar: agus do chuadar serbhísigh Pharao uile suas leis, seanóirigh a thighe, agus seanóirigh chríche na Hegipte uile,
8
Agus tigh Ióseph uile, agus a dhearbhraithre, agus tigh a athar: achd amháin a miondaóine, agus a ttréada, agus a nealbhadha do fhágbhadur a bhfearann Gosen.
9
Agus do chuáidh suas leis, carbuid fós agus marcshluágh: agus bá romhór an chuideachda íad.
10
Agus tangadur gó hurlúr bhuáilte Atad, noch ata táobh thall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cumha maille ré caóineadh adhbhalmhor: agus do rínne dóbhrón ann sin ar a athar seachd lá.
11
Agus a nuáir do choncadur áitreabhuigh na háite, na Canaanítígh, an chumha a nurlár Atad, a dubhradur, Is doilghiosach an chumhaso ar na Hégiptibh; uime sin do ghoireadh Abel Misraim dainm dhe, noch atá táobh thall do Iordan.
12
Agus do rinneadur a chlann mhac ris mar do aithin sé dhíobh.
13
Oír do rugadur a chlann leó é go tIr Chánaain, agus do Mhachpeláh, noch do cheannuigh Abraham, maille ris an machaire mar sheilbh chum áite adhluicthe, ó Ephron an Hititeach as coinne Mhamre.
14
¶ Agus do fhill Ioseph do Négipt, é féin agus a dhearbhraithre, agus a ndeachuidh leis súas uile dadhlacadh a athar.
15
¶ Agus a nuáir do choncadur dearbhraíthre Ioseph go bhfuáir a nathair bas, a dúbhradur, Do bféidir go mbiadh fúath ag Ioseph dhúinne, agus go gcúiteomhadh rinn gó deimhin a ndearnamar dolc air.
16
Agus do chuireadur teachda a gcionn Ioseph, dha radh, Do aithin hathair roimh a bhás, dá rádh,
17
Marso a déarthaói ré Ioseph, Guidhim thú annois, maith cionta do dhearbhráithreach agus a bpeacadh: óir do rinneadur olc ort: agus a nois íarmuid dathchuingé ort, maith cionta shérbiseach Dé hathar: Agus do ghuil Ioseph a nuáir do labhradur ris.
18
Agus do chuadur a dhearbhraithre mar an gceadna, agus do luigheadur síos a bhfiagnuisi a aghaidhe, agus a dubhradur, Feuch, is sinne do sherbhísigh.
19
Agus a dubhairt Ioseph ríu, Ná bíodh eagla oruibh: óir an bhfuilimsí an áit Dé?
20
Achd ar bhur sonsa do smuaineabhair olc am aghaidhsi; ach do aígneithe Día chum maitheasa é, dá thabhairt a ccrích mar atá a niugh, do chongmháil móráin daóine beó.
21
Annois uime sin ná biodh eagla oruibh: oilfidh misi sibh, agus bhur náos óg; agus do chomhfhurtaigh íad, agus do labhair go cinealta ríu.
22
¶ Agus do áitreibh Ióseph sa Négipt, é féin agus tigh a athar: agus do mhair Ióseph céad agus deich mbliadhna.
23
Agus do chonnairc Ióseph clann Ephraim don treas geínealach; clann Machir mar an ccéadna mac Mhanasseh. Do tógbhadh súas iad ar ghlúinibh Ióseph.
24
¶ Agus do ráidh Ióseph ré na dhearbhráithribh, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruibhsi go déimhin, agus béura sé as an ttírsi sibh, gus an ttír do mhionnuigh sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
25
Agus tug Ióseph mionna ar chloinn Israel, ag rádh, Féachfuidh Día oribh go deimhin, agus beurthaói mo chnámhasa súas as so.
26
¶ Mar sin do éug Ióseph, ar mbeith dhó céad agus deich mbliadhna daóis: agus do bhalmuigheadúr é, agus do cuireadh a ccomhra sa Négipt é.
← Chapter 49
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50