bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 43
Genesis 43
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 42
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 44 →
1
Agus do bhí an ghorta go ro mhór sa tir.
2
Agus tárla, a nuáir a dúadar an tarbhar noch tugadar as a Négipt, go ndubhairt a nathair riu, Eirghidh fós, ceannchuidh dhuinn beagán bídh.
3
Agus do labhair Iúdah ris, ag rádh, Do dhearbh an tóglach dhuinn ag radh, Ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna ttucthaói bhur ndearbhrathair libh.
4
Má chuirionn tusa ar ndearbhrathair linn, racham síos agus ceinneacham beatha dhuit:
5
Achd muna ccuire tú linn é, ni racham síos: óir a dubhairt an tóglach rinn, Ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna raibh bhur ndearbhrathair libh.
6
Agus a dubhairt Israel, Cread as a ndearnabhair an tolc so oram, gur inniseabhair do nóglach go raibh dearbhráthair eile aguibh?
7
Agus a dubhradursan, Do fhíafruigh an tóglach go cruádhógach dhínn, ar staid, agus ar gcinéul, ag rádh, An bhfuil bhur nathair beó fós? an bhfuil dearbhrathair eile aguibh? agus do innisimairne dhó reir bríghe na mbriatharsa: nar bhféidir dhuinn a dheirbhfhios do bheith aguinn, go naibéoradh sé, tuagidh bhur ndearbhrathair libh?
8
Agús a dubhairt Iúdah re Hisrael, a athair, Cuir an leanamh liomsa, agus éireócham; ionnus go mbíam beó, agus nach éagfam, sinn féin, agus tusa, agus ar náos óg.
9
Biaidh misi a nurradhas duit air; as mo láimhsi íarrfas tú é: muna ttuga mé chugad é, agus a chur as do choinne, ann sin bíodh aithbhear go bráth orum:
10
Oír muna ndearnamaóis faddail, is dearbh go mbemís a nois air ar nais an dara huáir.
11
Agus a dubhairt Israél a nathair ríu, Más éigion a bheith mar sin a nois, déanuigh so; beirigh libh na tórrtha is féarr sa tír ann bhur soithighibh, agus beiridh síos chum a nóglaoich tiodhlacadh, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
12
Agus beirídh airgead dúbalta ann bhur láimh; agus an tairgead tugabhair libh a rís a mbéuluibh bhur sac, beiridh libh a rís ann bhur láimh é; do béidir gur mainneachdna é:
13
Beiridh libh mar an gcéadna bhur ndearbhrathair, éirgidh, agus imthighidh a rís gus a nóglach:
14
Agus Día uile chumhachdach do thabhairt grás díbh a lathair a nóglaoich, ionnus go ccuirfidh sé libh bhur ndearbhrathair eile, agus Beniamin, Ma chaillimsi mó chlann, do chaill me meféin.
15
Agus do ghlacadur na fir na tiodhlaicthe, agus do ghlacadar airgead dúbulta na láimh, agus Beniamin; agus do éirgheadur súas, agus do chuadar síos do Négipt, agus tangadur a lathair Ióseph.
16
Agus a nuáir do chonnairc Ióseph Beniamin maille riu, a dubhairt sé re feadhmannach a thighe, Tabhair na fir so dom thigh, agus marbh, agus uilmhuigh; óir is agamsa íosaid na daoine so san meadhon laói a niugh.
17
Agus do rinne an tóglach mar a dubhairt Ióseph ris; agus tug an tóglach na daóine a steach go tigh Ióseph.
18
Agus do bhí eagla ar na daóinibh, do chionn mar tugadh a steach go tigh Ióseph íad; agus a dubhradur, Is ar son a nairgid do filleadh ann ár sacuibh an chéad uáir; tugadh a steach sinn; go madh féidir ris cúis díarruigh ar naghuidh, agus luidhe oruinn, agus ar nglacadh mar dhaóinibh daora, agus ar nassail.
19
Agus tangadur a bhfogus do fheadhmannach tighe Ioseph, agus do labhradur ris ag dorus an tighe,
20
Agus dubhradur, A mhaighisdir, thangamar a nsúas go deimhin an chéad uáir do cheannach bídh:
21
Agus tárla dhúinn, a nuáir thangamar don tigh ósta, gur osglamar ar saic, agus, féuch, go raibh airgead gach áonduine aguinn a mbéul a shaic, ar nairgead a ccomhthrom iomlán: agus tugamar linn a ris é nar láimh.
22
Agus tugamar airgead eile linn nar láimh do cheannach bídh: ní feas dúinn cía chuir ar nairgead ann ar sacuibh.
23
Agus a dubhairt seision, Siothcháin maille ribh: ná bíodh eagla oruibh; bhur Ndía, agus Día bhur nathar thug ionnmhus díbh ann bhur sacuibh: do bhí bhur nairgead agamsa. Agus tug sé Simeoin amach chugtha.
24
Agus tug an tóglach na daóine a steach go tigh Ioseph, agus tug uisge dhóibh, agus do nigheadur a ccossa; agus tug bíadh da nassaluibh.
25
Agus do rinneadur na tiodhlaicthe réidh a ccoinne Ioseph do théachd san mheadhon laói: óir do chúaladur go níosaidís arán ann sin.
26
Agus a nuáir tháinig Ióseph dha thigh, tugadur chuige na tiodhlaicthe do bhí ann a láimh don tigh, agus do ohláonadur íad féin go talamh dhó.
27
Agus do fhíafruigh sé dhíobh an rabhas go maith aca, agus a dubhairt sé, An bhfuil bhur nathair go maith? an seanduine air ar labhrabhair, an bhfuil sé béo fós?
28
Agus do fhreagradarsan, Atá do sheirbhíseach ar nathairne a slainte mhaith, atá sé beó fós. Agus do chromadar síos a ccinn, agus do rinneadur nmhla.
29
Agus do thóg seision a shúile, agus do chonnairc a dhearbhrathair Beniamin mac a mhathar, agus a dubhairt, A né so bhur ndearbhrathair as óige, air ar labhrabhair rium? Agus a dubhairt sé, Go raibh Día grásamhuil duit, a mhic.
30
Agus do rinne Ióseph deithneas; óir do bhí a chroidhe ag lúth re na dhearbhrathair: agus do íarr áit a nguilfiodh; agus do chuáidh a steach dá sheómra, agus do ghuil ann sin.
31
Agus do ionnuil a aghuidh, agus do chuáidh amach, agus do chonnuimh aír féin, agus a dubhairt, Cuír arán ann so.
32
Agus do chuiredar ní rompa dhósan leis féin, agus dóibhsion leó féin, agus do na Hégiptibh, a duáigh na fhochair, leó féin: do chionn nar bhféidir do na Hégiptibh arán dithe leis na Heabhruighibh; óir is morghráin sin ag na Hégiptibh.
33
Agus do shuigheadur as a choinne, an tí fá sine do réir a chéirt-beirthe, agus an té dob óige do reir a ógántachd: agus do bhí iongnadh ag na daoinibh ann a chéile.
34
Agus do ghlac seision agus do chuir míasa bídh chuca ona bhord féin: gidheadh fá mó oircheasachd Bheniamin cuig uáire ná cuid áonduiné acasan. Agus doibheadar, agus do bhádur subhach aige.
← Chapter 42
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 44 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50