bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Genesis 29
Genesis 29
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 30 →
1
Ann sin do ghluáis Iacob ann a thurus, agus táinic go tír na ndaoine don taoibh shoir.
2
Agus damhairc sé, agus féuch tobar san mhachaire, agus ar cheana, trí tréoid cháorach na luighe aige: óir is as an ttobar sin do bheirdís uisge dá ttréuduibh; agus do bhí cloch mhór air bhéul an tobair.
3
Agus is annsin do chruinnidís na tréada uile: agus do chorruighedís an chloch ó bhéul an tobair, agus do beirdís uisge do na cáorchuibh, agus do chuirdís an chloch na háit feín ar bhéul an tobair a rís.
4
Agus a dubhairt Iácob ríusan, A dhearbhráithre, gá has dibhsi? agus a dubhradarsan, ó Háran dúinne.
5
Agus a dubhairt sé ríu, An aithne dhíbh Lában mac Nahor? agus a dubhradursan, As aithne dhúinn é.
6
Agus a dubhairt seision, An bhfuilthear go maith aige? agus a dubhadur san, Atathar go maith: agus, feuch, atá Ráchel a inghean ag teachd leis na cáorcuibh.
7
Agus a dubhairt seision, Achd cheana as mór atá romhuinn don lo, ní mó is am na tréad do chruinniughadh a bfochair a chéile: tuguidhsi uisge do na cáorchuibh, agus éirghidh, agus ingeiltigh íad.
8
Agus a dubhradursan, Ní fhéadmáoid, nó go rabhaid na sealbha uile a bhfochair a chéile, agus go ccurthar an chloch do bhéul an tobuir; ann sin do bhermíd uisge do na cáorchaibh.
9
Agus an feadh fós do bhí se ag caint ríu, tháinic Ráchel le cáorchuibh a hathar; óir a sí do bhí na mbun.
10
Agus tárla, á núair do chonnairc Iacob Ráchel inghean Lában, dearbhrathair a mhathar, agus caóirigh Lábain dearbhrathair a mhathar, gur dhruid Iácob léith, agus gur chuir an chloch ó bhéul an tobair, agus tug uisge do thréad Laban dearbhrathair a mhathar.
11
Agus do phóg Iacob Ráchel, agus do thóg súas a ghuth, agus do ghuil.
12
Agus do innis Iacob do Ráchel, gurob é féin dearbhrathair a hathar, agus gúrob é mac Rebecah é: agus do rith sisi, agus do innis sin dá hathair.
13
Agus tárla, a núair do chúaluidh Lában sgéula mhic a dherbhsheathrach, gur rith sé na choinne, agus gur theann ris é, agus tug póg dhó, agus tug leis é dá thigh: agus do innis Iacob na neithe si uile do Lában.
14
Agus a dubhairt Laban ris, Is deimhin gur tú mo chnáimh agus mfeóil. Agus do fhan aige ar feadh míosa.
15
Agus a dubhairt Lában ré Iácob, An do chionn gur tú mo dhearbhrathair, do dhéuntá seirbhís damhsa á naiscidh? innis damh créud an túarasdal bhías duit?
16
Agus do bhádar días inghean ag Lában: ainm an tsinnsir Léah, agus ainm an tsósair Ráchel.
17
Agus do bhádar súile boga ag Léah; agus do bhi Ráchel sgíamhach deaghnúiseach.
18
Agus do bhí grádh ag Iacob ar Ráchel; agus a dubhairt, Foigheónuidh mé dhuit seachd mblíadhna ar son Ráchel hinghean as óige.
19
Agus a dubhairt Lában, As fearr dhamhsa a tabhairt duitsi ná a tabhairt dfior oile: fan am fhochair.
20
Agus do rinne Iacob seirbhis sheachd mblíadhan do cheannach ar Ráchel; agus níor tai hsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do mheid an ghradh do bhí aige uirre.
21
Agus a dubhairt Iácob ré Laban, Tabhair mo bhean damh, (óir do choimhlíon mé maimsir) go ndearnar bean di.
22
Agus do chruinnigh Lában dáoine na háite uile, a bhfochair a chéile, agus do rinne féusda dhóibh.
23
Agus tárla trath nóna, gur glac sé Léah a inghean, agus go ttug chuigesion í, agus do bhí na fhior aice.
24
Agus tug Lában dá inghin Léah Silpah a chailín, na hinilt.
25
Agus tárla, ar maidin, féuch, gurab í Léah do bhí ann: agus a dubhairt seision ré Lában, Créud an ní si do rinne tú rium? nach ar son Ráchel do rinne misi seirbhís duit? uime sin créd far mheall tú mé?
26
Agus a dubhairt Lában, Ní mar sin as gnáth do dhéunamh nar náithe an sósar, do thabhairt amach roimh an tsinnsior.
27
Choimhlíon a seachdmhuin, agus do bhéaruimne í so dhuit mar an gcéadna ar son na searbhísi do dhéuna tú dhamh seachd mblíadhna eile fós.
28
Agus do rinne Iacob sin, agus do chomhlíon a seachdmhuin: agus tug Ráchel a inghean dó mar mhnáoi mar an gcéudna.
29
Agus tug Lában do Ráchel a inghin Bilhah a chailín do bheith na hinnilt aice.
30
Agus do rinne bean do Ráchel mar an ccéudna, agus dob annsa leis fós Ráchel na Léah, agus do rinne seirbhís aige seachd mblíadhna eile fós.
31
Agus a nuáir do chonnairc an TIGHEARNA go ráibh fúath ar Léah, do oscuil sé a brú: ach dó bhí Ráchel amrid.
32
Agus do thoirrcheadh Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben dainm áir: óir a dubhairt sí, Go deimhin do fhéuch an TIGHEARNA ár mo bhuáidhreadh; a nois ar an adhbhar sin gráidheóchuidh mfear mé.
33
Agus do thoirrcheadh a rís í, agus rug sí mac; agus a dubhairt, Do chionn go ccúaluidh an TIGHEARNA go raibh fuath oram, tug sé an mac so dhamh mar an gcéadna: agus tug sí Simeon dainm air.
34
Agus do thoirrcheadh a ris í, agus rug sí mác: agus do ráidh, A nois bhías mfear a nuáirsi teanta riom, do chionn go rug mé tríur mac dhó: uime sin do goireadh Lébhi dhe.
35
Agus do thoirrcheadh a rís í, agus rug sí mac: agus do ráidh si, A nois mholfa mé an TIGHEARNA; uime sin do ghoir sí Iudah dainm dhe; agus do scuir do bhreith.
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50