bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zechariah 1
Zechariah 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 2 →
1
Annsa nochtmhadh mí, annsa dara blíadhain do Dháirius, tháiníg briathar an TIGHEARNA go Sechariah, mhac Barachiah, mhic Iddo an faígh, ag rádh,
2
Do bhí an TIGHEARNA ro fheargach ré bhur naithribhsi.
3
Uimesin abairsi riú, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Fillidhsi chugamsa a deir TIGHEARNA na slógh, agus fillfe misi chugaibhsi, a déir TIGHEARNA na slógh.
4
Ná bíthíse amhuil bhur naithre, dar fhúagradar na céadfháighe, ag rádh, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Fillidh anois ó bhur ndroichshlighthibh, agus ó bhur ndroichghníomhuibh: acht níor éisteadar, agus ní thugadar aire dhamhsa, a deir an TIGHEARNA.
5
Bhur naithre, cáit a bhfuilid? agus na fáighe, an mairid choidhche?
6
Acht nach ar ghlacadar mo bhríathrasa agus mo reachda, noch daithin mé dom shearbhfhoghantuibh na faíghe, greim da bhur naithribhse? agus dfilleadar agus a dubhradar, Amhuil mar do bhreathnuigh TIGHEARNA na slógh do dhéanamh rinne, do reír ar slighthe, agus do réir ar ngniómh, is mar sin do rinne sé rinn.
7
¶ Ar an cceathramhadh lá fithchoid don náonmhadh mí déug, noch ar bhí mí Sebat, annsa dara blíadhain do Dhárius, tháinic briathar an TIGHEARNA go Sechariah, mhac Barachiah, mhic Iddo an fáigh, ag rádh,
8
Do chonnairc mé san noidhche, agus féuch duine ag marcuigheachd air each rúadh, agus do sheas sé a measc na ccrann miortail noch do bhí san ghleann; agus do bhádar na dhiáigh eich dearga, ballacha, agus bána.
9
Annsin a dubhairt misi, Oh mo Thighearna, cred íad so? Agus a dubhairt an taingiol do chomhráidh riom, Taisbeanfa mé dhuit cred íad so.
10
Agus do fhreagair an duine do sheas a measc na ccrann miortail agus a dubhairt, Isiád so an drong do chuir an TIGHEARNA do shiubhal síos agus súas air fud na talmhan.
11
Agus do fhreagradarsan aingeal an TIGHEARNA do sheas a measg na ccránn miortail, agus a dubhradar, Do shiubhluigheamar síos agus súas air feadh na talmhan, agus, féuch, atá an talamh uile suáimhneach, agus atá sé síothchánta.
12
¶ Annsin do fhreagair aingeal an TIGHEARNA agus a dubhairt, A THIGHEARNA na slógh, ga fad nach déana tú grása air Ierusalem agus air chaithreachaibh Iúdah, a naghaidh a raibh thfearg na deich mblíadhna agus trí fithchidsi?
13
Agus do fhreagair an TIGHEARNA an taingiol do chomhraidh riomsa re bríathruibh maithe agus le bríathruibh comhfhurtachta.
14
Marsin a dubhairt an taingiol do chomhraidh riomsa, Eighsi, ag rádh, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Atáimsi éadmhar fa Ierusalem agus ar son Shion maille re héud mór.
15
Agus atáim ró fheargach ris na geintibh atá go súaimhneach: oir ní raibh ach fearg bheag orum, agus do chuidigheadarsan a naindeisi do dhul ar a haghaidh.
16
Ar a nadhbharsin is marso a deir an TIGHEARNA; Dfill misi go Hierusalem maille re trócaire: cuirfighthear mo thigh súas inte, a deir TIGHEARNA na slógh, agus sínfidhthear dorubha amach air Ierusalem.
17
Fúagair fós, ag rádh, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Leithneochthar fós tré shonus mo chaithreacha; agus fós fuirteachuidh an TIGHEARNA Sion, agus toighfidh fós Ierusalem.
18
¶ Annsin do thóig me súas mo shúile, agus chunairc, agus féuch, ceithre hadharca.
19
Agus a dubhairt mé ris a naingiol do chomhráidh riom, Cred íadso? Agus do fhreagair seision mé, Isíad so na hadharca do scánruigh Iúdah, Israel, agus Ierusalem.
20
Agus do thaisbéin an TIGHEARNA dhamh ceathrar sáor.
21
Annsin a dubhairt misi, Ciodh a ttangadar so dhá dhéanamh? agus do labhair seision, ag rádh, Siad so na hadharca do scáoil ó chéile Iúdah, iondus nar thóg duine ar bioth a cheann súas: acht thangadar so do chur eagla orra, do theilgion adharca na Ngeinteadh amach, noch do thóg súas a nadharca ós cionn tíre Iúdah dá scanradh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14