bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zechariah 8
Zechariah 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 9 →
1
Thainic bríathar THIGHEARNA na slógh chugamsa a rís, ag rádh,
2
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Do bhí mé éudmhur fa Shion maille re héud mór, agus do bhí éud orum go díbhfheirgeach uimpe.
3
Is marso a deir an TIGHEARNA; Dfill mé chum Sion, agus áitreocha mé a meadhón Ierusalem: agus goirfighear cathair na fírinne do Ierusalem; agus slíabh TIGHEARNA na slógh don tslíabh náomhtha.
4
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Aitreachuid fós seandaoine agus mná áosda a sráidibh Ierusalem, agus a nuile dhuine gun a bhata iona laímh tre iomad a laétheadh.
5
Agus biáidh sráide na caithreacha lán do bhúachaillibh agus chailínibh ag súgradh iona sráidibh.
6
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Mas iongantach é a súilibh íarsma an phobailsi annsna laethibhse, an mbía fós íongantach ann mo shúilibhsi? a deir TIGHEARNA na slógh.
7
Is marso a deir an TIGHEARNA na slógh; Féuch, tárthocha mé mo dhaóine ón ttír shoir, agus ón ttír shíar;
8
Agus do bhéara mé liom íad, agus áitreachuid síad a lár Ierusalem: agus béid na bpobal agumsa, agus biáidh misi am Dhía acasan, a bhfírinne agus a cceart.
9
¶ Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Bídís bhur lámha láidir, a dhrong do chluinn annsna laéthibhsi ná bríathraso lé béal na bhfágh, noch do bhí annsa lo ar shuigheadar bunáit thighe THIGHEARNA na slógh, chor go ccuirfidhe an teampal súas.
10
Oír roimhe na laéthibhsi ní raibh túarusdal ar bioth do dhuine, nó túarusdal ar bioth do bheathach; ní mó do bhí siothcháin ag an tí do rachadh amach nó thigeadh a steach do bhrígh an bhuáidheártha: óir dó chuir misi gach uile dhuine a naghaidh a chomharsan.
11
Acht anois ní bhiáidh mé díarsma na ndáoinesi do nós na láetheadh roimhe, a deir TIGHEARNA na slogh.
12
Oír biáidh an síol soná; do bhéara an fhíneamhuin a toradh, agus do bhéara an talamh a bhiseach, agus do bhearuid na neamha a ndrúcht; agus do bhéara mé air íarsma an phobailsi íadso uile do shealbhughadh.
13
Agus tiucfa a ccrích, mar do bhadhbhair bhur mallughadh a measg na ngeinteadh, a thigh Iúdah, agus a thigh Israel; marsin coibhreocha misi sibh, agus béithi bhur mbeannughadh: na heagluighidh, acht bídís bhur lámha láidir.
14
Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Mar do mheas mé bhur smachtughadh, an tan do bhrostuigheadar bhur naithre mé chum feirge, a deir TIGHEARNA na slógh, agus nar bhaithreach liom é:
15
Marsin fós a rís do mheas mé annsna láethibhsi a dhéanamh go maith do Ierusalem, agus do thigh Iúdah: ná bíodh eagla oruibh.
16
¶ Isíad so na neithe do dhéantáoi; Labhradh gach áon aguibh a nfírinne re na chomharsoin; déanuidh breitheamhnus fírinne agus síodhchána ann bhur ngeatadhuibh:
17
Agus ná smúaineadh duine ar bioth aguibh olc ann bhuir ccroidhthibh a naghaidh a chomharsan; agus ná grádhuighidh mionna bréige: óir is neithe íadso uile fhuáthuighimsi, a deir an TIGHEARNA.
18
¶ Agus tháinic bríathar THIGHEARNA na slógh chugamsa, ag rádh,
19
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Biáidh troscadh an cheathramhadh mí, agus troscadh an chúigeadh, agus troscadh an seachdmadh, agus troscadh an deachmhadh, na gháirdeachus, agus na lúathgháir, agus na bhféustuighibh subhacha do thigh Iúdah; ar a nadhbharsin grádhuighidh fírinne agus síothcháin.
20
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Biáidh fós aimsir, go ttiucfa iomad daoine, agus áitreabhthuigh mórán caithreach:
21
Agus rachuid áitreabhthuigh gach aon chaithreach go chéile, ag rádh, Deanam tráth do ghuidhe a lathair an TIGHEARNA, agus díarruigh THIGHEARNA na slógh: rachaidh misi mar an ccéadua.
22
Aseadh, tiucfuid móran daóine agus cineadhacha láidre díarruidh THIGHEARNA na slógh ann Ierusalem, agus do ghuidhe a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA.
23
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Annsna laéthibh sin, béaruid deithneamhar fear greim as uile theangaidh na ccineadhách, eadhon béaruid siád greim air sciorta an tí bhías na Iúduighe, ag rádh, Rachuimne leachd: óir do chúalamar go bhfuil Día maille ribh.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14