bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zechariah 12
Zechariah 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 13 →
1
Ualach bhreithre an TIGHEARNA do Israel, a deir an TIGHEARNA, noch shíneas na fiaithis amach, agus shuighios bunáit na talmhan, agus chumas spiorad an duine ann a stigh.
2
Féuch, do dhéana mé cupán meisge do Ierusalem don phobal uile timchioll fa ccuáirt, a nuáir bhéid síad annsa champa aráon a naghaidh Iúdah agus a naghaidh Ierusalem.
3
Agus annsa ló sin do dheana mé Ierusalem na cloich anúaluigh do nuile phobal: géarrfuighear na ccodchaibh gach a núaluighionn íad féin leis, bíodh go ccruinneochaidís daóine na talmhan a ccionn a chéile na haghaidh.
4
Annsa ló sin, a deir an TIGHEARNA, Buáilfidh me a nuile each lé hánbfhainne, agus a marcach lé buile: agus oisceoluidh mé mo shúile air thigh Iúdah, agus buáilfe mé each gach aóin do na daóinibh lé daille.
5
Agus a déaruid úachtaráin Iúdah iona ccroidhe, Budh íad dúthchusaigh Ierusalem mo neartsa a TTIGHEARNA na slógh a Ndía.
6
¶ Annsa ló sin do dhéana mé uachtarán Iúdah cosmhuil re teallach na teineadh a measc an chonnaidh, agus amhuil tóirsi teineadh a bpunnainn; agus loiscfidh na daóine uile timchioll fa ccuáirt, air an láimh dheis agus air an láimh chlé; agus áiteochthar Ierusalem a rís iona háit féin, eadhon ann Ierusalem.
7
Sáorfuidh an TIGHEARNA fós lóistínigh Iúdah ar ttús, iondus nach móradh glóir thighe Dháibhi no glóir áitreabhthach Ierusalem íad féin a naghaidh Iúdah.
8
Annsa lósin cuimhdeochuidh an TIGHEARNA áitreabhthuigh Ierusalem; agus biáidh an té bhías lag iona measc an lá sin mar Dháibhi; agus biáidh tigh Dháibhi mar Dhía, amhuil aingeal an TIGHEARNA rompa.
9
Agus tiucfaidh a ccrích annsa ló sin, go ttríallfa misi a nuile chineadh a scrios noch thig a naghaidh Ierusalem.
10
¶ Agus dóirtfidh mé air thigh Dháibhi, agus ar áitreabhthachaibh Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarghuidheadh; agus féuchfuid orumsa noch do tholladar, agus caóidhfid air a shonsan, mar chaóidhios duine ar son a aoínmhic, agus béid siad a ndoilghios air a shon, amhuil mar bhíos duine a ndoilghios ar son a chéidghine.
11
Annsa lo sin biáidh cumha mhór ann Ierusalem, amhuil cumha Hadadrimmon a ngleann Mhégiddon.
12
Agus caóidhfidh an tír, gach áon mhuinntir ar leith; muinntir thighe Dháibhi ar leith, agus a mná ar leith; muinntir thighe Nátan ar leith, agus a mná ar leith;
13
Muinntir thighe Lebhi ar leith, agus a mná ar leith; muinntir Shimei ar leith, agus a mná ar leith.
14
Na huile mhuinnteara dá maireann, gach áon mhuinntir ar leith, agus a mná ar leith.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14