bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zechariah 11
Zechariah 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 12 →
1
Oscuil do dhoirsi, a Lebanon, chor go loisgfidh an teine do cheadair.
2
Nuálluigh, a chrann giumhuis; óir do thuit an cédar; do bhrígh gur creachadh na cumhachduigh uile: núalluigh, a dhairighe Básan; óir thainic foraóis na fineamhna sios.
3
Guth núallfartuigh na náodhaireadh; oír do milleadh a nglóir: guth buile na leomhan óg; óir do milleadh úabhar Iordan.
4
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA mó Dhía; Beathuigh tréud a nár;
5
Noch ar mharbhadar a sealbhuidhe íad, agus sháoilid íad féin do bheith neimhchiontach: agus a deir an drong reacus íad, Go madh beannuighthe an TIGHEARNA; óir ataim sáidhbhir: agus ni bhí truáighe aga náodhairibh féin dóibh.
6
Oír ní bhiáidh truáighe agamsa ní is mó dáitreabhthachaibh na tíre, a deir an TIGHEARNA: acht, féuch, seachoduigh mé na daóine gach aon fa leith a láimh a chomharsan, agus a láimh a rígh: agus buailfid síad an tír, agus ní shaórfa mé as a láimh íad.
7
Agus beathocha mé tréud a náir, eadhon sibhsi, a bhochta an treúda. Agus do ghabh mé chugam dhá bhata; do ghoir mé Sgeimh daón díobh, agus dou dara Cuibhreach; agus do bheathuigh mé an tréud.
8
Do gheárr mé mar an ccéadna amach triúr áodhaireadh a naoinmhí; agus do ghráin manam riú, agus dfúathuigh a nanamsan misi.
9
Ann sin a dubhairt mé, Ní bheathocha mé sibh: éugadh, an ní éugas; an ní is cóir a gheárradh amach, geárrthar amach é; agus ithidís an chuid oile gach áon díobh feóil a chéile.
10
Agus do ghlac misi mo bhata, eadhon an Scíamh, agus do gheárr mé ó cheile é, chor go mbrisinn mo chunnradh noch do rinne mé ris an bpobal uile.
11
Agus do briseadh san ló sin é: agus marsin do thuig boicht na tréuda do fheith orumsa gur bé sin bríathar an TIGHEARNA.
12
Agus a dubhairt mé ríu, Madh áill libh féin, tugaidh dhamhsa mo lúach; agus mun budh áill, léigidh dhó. Marsin do chomhthromadar ar son mo lúacha, tríochad píosa airgid.
13
Agus a dubhairt an TIGHEARNA riom, Teilg chum an photadóra é; lúach maith do measadh dhamhsa leó. Agus do ghlac mé an tríochad píosa airgid, agus do theílg mé chum an photadóra íad a ttigh an TIGHEARNA.
14
Annsin do gheárr mé ó chéile mo bhata oile, eudhon Cuibhreacha, chor go mbrisinn a ndearbhráithreachas idir Iúdah agus Israel.
15
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA riom, Glac chugad fós instrument áodhaire amadánuigh.
16
Oír, féuch, tóigfe misi áodhaire súas annsa tír, nach bhféuchfa air an lucht atá geárrtha amach, nach mó íarrfas sé an tóg, nach leigheasuigh an ní bhías briste, nach beathochuidh an ní sheasann: achd íosuigh sé feóil na mbeathach méith, agus réubfa sé a ccrúba na mblodhuibh.
17
A mhairg dáodhaire a niodhail fhágbhus an tréad! biáidh an cloidheamh air a láimh, agus air a shúil dheis: tiormochuidh a lámh uile súas, agus dallfhuighear a shúil dheas thríd amach.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14