bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zechariah 14
Zechariah 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
1
Feuch, atá lá an TIGHEARNA ag teacht, agus roinnfighear héadail a stigh ann do lár.
2
Oír cruinneocha misi na huile chineadhacha a naghaidh Ierusalem chum catha; agus géabhthar an chathair, agus sladfuighear na tighthe, agus béid na mná éignighthe; agus rachaidh leath na caithreach a mbrúid, agus ní geárfuighear an chuid oile don phobal ón ccathruigh.
3
¶ Annsin rachus an TIGHEARNA amach, agus troidfidh sé a naghaidh na ccineadhachso, amhuil do throid sé a ló an chatha.
4
Agus seasfuid a chosa annsa lósin ar shlíabh na noluigheadh, noch atá as coinne Ierusalem san noirthear, agus scoiltfidh slíabh na noluigheadh iona lár don leath shoir agus don leath shíar, na ghleann romhór; agus áthrochuid leath an tsléibhe don táoibh ó thúaigh, agus a leath oile don taoibh ó dheas.
5
Agus teithfidh sibhsi go gleann na sliabh; óir roitheochuidh gleann na slaíbh go Hasal: a seadh, teithfidhe, amhuil mar do theitheamhair roimhe an ccrioth ttalmhan a laéthibh Ussiah rígh Iúdah: agus tiucfuidh an TIGHEARNA mo Dhía, agus na naóimh uile leachd.
6
Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, nach biáidh an solus glan, nó dorcha:
7
Acht biáidh na aon lá, a mbiaidh a fhios ag an TIGHEARNA, nach ló, nó oidhche: acht tiucfuidh a ccrích tráthnóna go mbía solus.
8
Agus biáidh annsa ló sin, go rachaid uisceadha beódha amach as Ierusalem; leath dhíobh gus an bhfairge shoir, agus leath dhíobh gus an bhfairge shíar: biáidh se annsa tsamhradh agus annsa ngeimhreadh,
9
Agus biáidh an TIGHEARNA na rígh ós an ttalamh uile: annsa ló sin bhías aoin TIGHEARNA amháin, agus búdh áon a ainm.
10
Iompochthar an fearann uile amhuil réiteach ó Ghéba go Rimmon budh dheas ó Ierusalem: agus tóigfighear súas í, agus áiteochthar iona háit, ó gheata Bheniamin go háit an chéid gheata, go geata an chornéil, agus ó thor Hananiel go fíonumar‐brúighthe an rígh.
11
Agus áitreochuid daóine inte, agus ní bhiáidh scrios ní sa mhó thríd amach; acht áiteochthar Ierusalem go socair.
12
¶ Agus budh í so an phláigh le a mbuáilfidh an TIGHEARNA na daóine uile do throid a naghaidh Ierusalem; Cnaoidhfidh a bhfeóil díobh an feadh sheasfuid air a ccosaibh, agus leaghfuid a súile úatha iona bpollaibh, agus cnáoidhfighear a tteanga iona mbéul.
13
Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin go mbiáidh buáidhreadh mór ón TTIGHEARNA iona measc; agus glacfuidh gach áon díobh greim do láimh a chomharsan, agus éireochuidh a lámh súas a naghaidh a chomharsan.
14
Agus troidfidh Iúdah fós ag Ierusalem; agus cruinneochthar uile mhaóin na ngeinteadh timchioll fa ccuáirt a ccionn a chéile, ór, agus airgiod, agus éadach, a niomadamhlachd mhóir.
15
Agus is marsin bhías pláigh a neich, an mhuille, an chámhuil, agus a nassáil, agus na nuile bheathach bhías annsna lóistínibhse, mar an bpláighsi.
16
¶ Agus tiucfa a ccrích, go rachaidh a nuile, dhuine súas do fágbhadh do na cineadhachaibh tháinic a naghaidh Ierusalem eadhon ó bhliádhuin go blíadhuin dadhradh an Rígh, TIGHEARNA na slógh, agus do choimhéad féustadh na ttabernacul.
17
Agus is amhluidh bhías, gidh bé nach ttiucfa marsin súas duile mhuinnteara na talmhan go Hierusalem dadhradh an Rígh, TIGHEARNA na slógh, orra sin ní bhiáidh fearthuinn ar bioth.
18
Agus muna ndeachuid muinntir na Hégipte súas, agus nach ttiucfuid, air nach bí fearthuinn; biáidh an phláigh annsin, lé a mbuáilfidh an TIGHEARNA na geinte nach ttainic súas do choimhéad féasta na ttabernacul.
19
Budh é so pionús na Hégipte, agus pionús na nuile chineadhach nach ttiucfa súas do choimhéad féusta na ttabernacul.
20
¶ Annsa ló sin biáidh air shríanuibh na neach, NAOMHTHACHT DON TIGHEARNA; agus béid potadha thighe an TIGHEARNA amhuil na scáladha as coinne na haltóra.
21
Fós, biáidh a nuile phota ann Ierusalem agus ann Iúdah na náomhthacht do THIGHEARNA na slógh: tiucfaidh a nuile dhrong íodhbras agus glacfuidh díobh, agus bruithfid ionnta: agus annsa ló sin ní bhiáidh Canaaníteach ní is mó a ttigh THIGHEARNA na slógh.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14