bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Zechariah 9
Zechariah 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 10 →
1
Ualach bhréithre an TIGHEARNA a ttír Hadrach, agus budh é Damascus a shuaimhneas sin: a nuáir bhías súile an duine, mar bhiáid súile uile threabh Israel, leath ris an TIGHEARNA,
2
Agus teórannfuidh Hamat mar an ccéadna láimh ris; Tírus, agus Sidon, máta go bhfuil ro chríonna.
3
Agus do rinne Tírus daingean láidir dhi féin, agus do chrúach sí airgiod súas amhuil luáithreadh, agus ór glan amhuil láib na sráideann.
4
Féuch, teilgfidh an TIGHEARNA amach í, agus búailfidh sé a cumhacht annsa bhfairge; agus dóighfighear lé teine í.
5
Do chífidh Ascélon é, agus biáidh eagla air; do chífidh Gasa fos é, agus biaidh ro dhubhach, agus Ecron; óir naireochthar a dóthchus; agus dioghbháighfidh an rígh ó Ghasa, agus ní bhiáidh Ascélon aitrebhthe.
6
Agus coimhneochuidh basdard ann Asdod, agus geárrfa misi amach úabhar na Bhphilistineach.
7
Agus bhéara mé a fhuil as a bhéul, agus a gráineamhlachd ó idir a fhíaclaibh: acht an té mhairfios, biáidh seision ar son ar Ndéine, agus biáidh sé amhuil úachtarán ann Iúdah, agus Ecron amhuil Iebusíteach.
8
Agus suighfe mé a ttimchioll mo thighe do bhrígh na harmála, do bhrígh an té fhillios: agus nighéabhuid lucht sáruighthe ar bioth tríotha ni is mó: óir a nois do chonnairc mé lem shúilibh.
9
¶ Urghaírdigh go mór, a inghean Shion: gáir, a inghean Ierusalem: féuch, atá do Rígh ag teacht a tfhochair: atá sé ceart, agus slánughadh aige; go huirisiol, ag marcuigheachd air assal, agus air bhromach searrach assail.
10
Agus géarrfa mé an carbad ó Ephraim, agus an teach ó Ierusalem, agus gearrfuighear amach bogha an chatha: agus laibheoruidh se síothchain ris na geintibh; agus biáidh a rioghachd ó mhuir go muir, agus ó nabhuin go críochuibh na talmhan.
11
Ar do shonsa fós, le fuil do chunuartha do chuir mé amach do phríosúnaigh as an log ann nach bhfuil uisce.
12
¶ Fillidhse chum an chaisléin láidir, sibhse a phríosúnacha an dóthchuis: eadhon a niugh fhoillsighim go ndíolfa mé dúbalta ribh;
13
A nuáir do chláon mé Iúdah dhamh féin, do líon mé an bogha air Ephraim, agus do thoig mé súas do mhic, a Shion, a naghaidh do mhacsa, a Ghréag, agus do rinne mé thú amhuil cloidheamh dhuine neartmhuir.
14
Agus do chífighear an TIGHEARNA ós a ccionn, agus rachuidh a shoighead amach mar aithinne teineadh: agus séidfidh an Tighearna DIA an stoc, agus imeochuidh le gáothaibh guáirdeana an túaisceirt.
15
Cuimhdeachuidh TIGHEARNA na slógh íad; agus sluigfid siad, agus claóidhfid síad lé clochaibh tadhbhuill; agus iobhthuid, agus do dhéanuid giorac amhuil tré fhíon; agus béid lionta mar scáluibh, agus mar chorruibh na haltóra.
16
Agus tárrthocha an TIGHEARNA a Ndía íad san ló sin amhuil tréad a phobail: óir béid mar chlochaibh coróinne, ar na ttógbháil súas mar bhratuigh air a dhuthaigh.
17
Oír créd é méud a mhaitheasa, agus cred é méud a sgéimhe! do dhéana arbhar na daóine óga súgach, agus fíou núadh na maighdiona.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14