bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 11
1 Corinthians 11
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
1
Déanaidh aithris orm‐sa, mar dhéanaim féin aithris ar Chríost.
2
Anois molaim sibh de bhrigh go mbíonn sibh ag cuimhneamh orm san uile nidh, agus de bhrigh go bhfuil sibh ag coimheád na ngnás fá mar thugas daoibh iad.
3
Acht is mian liom a thabhairt le fios daoibh, gur ab é Críost ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná, agus gur ab é Dia ceann Chríost.
4
Fear ar bith do‐ghní urnaighe nó fáidheadóireacht agus a cheann clúduighthe, do‐bheir sé easonóir d’á cheann.
5
Acht bean ar bith do‐ghní urnaighe nó fáidheadóireacht gan caille ar a ceann, do‐bheir sí easonóir d’á ceann: mar is ionann sin agus a bheith bearrtha dhi.
6
Óir muna mbíonn caille ar cheann na mná, gearrtar a gruaig, acht má’s nár do’n mnaoi a gruaig bheith gearrtha nó bheith bearrtha, cuireadh sí caille uirthi féin.
7
Óir níor chóir do’n fhear a cheann do chlúdú, de bhrigh gur ab é íomháigh agus glóir Dé é: acht is í an bhean glóir an fhir.
8
Óir ní ó’n mnaoi do rinneadh an fear; acht is ó’n bhfear do rinneadh an bhean:
9
óir ní ar son na mná do cruthuigheadh an fear; acht an bhean ar son an fhir:
10
ar an adhbhar sin ba cheart go mbéadh cómhartha an ughdaráis ar a ceann, mar gheall ar na h‐ainglibh.
11
Acht cheana, san Tighearna, ní bhíonn fear i n‐éagmais na mná, ná an bhean i n‐éagmais an fhir.
12
Óir fá mar tháinig an bhean ó’n bhfear, ar an gcuma chéadnais tríd an mnaoi atá an fear ann;
13
acht is ó Dhia atá an uile nidh ann. Breathnuighidh eadraibh féin: an cuibhe do mhnaoi guidhe chum Dé gan caille bheith ar a ceann?
14
Nach múineann an nádúir gur nár do’n fhear gruaig fhada bheith air?
15
Acht má bhíonn gruaig fhada ar mhnaoi, is í a glóir í; mar tugadh a gruaig mar chlúdach di.
16
Acht má’s mian le h‐aon duine bheith conspóideach, ní fhuil a leithéid sin de ghnás againn, agus ní fhuil ag eaglaisibh Dé.
17
Ag tabhairt an fhógra so dhaoibh ní mholaim sibh, mar ní fearr‐de sibh bhur dteacht i gceann a chéile, acht is miste sibh é.
18
I dtosach scéil nuair thagas sibh le chéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraibh; agus creidim féin go bhfuil cuid de’n fhírinne ann.
19
Óir ní féadfaidhe gan siosmaí bheith ’n‐bhur measc, chum go nochtfaidhe iad‐san ’n‐bhur measc atá fírinneach.
20
Uime sin, nuair chruinnigheas sibh i gceann a chéile, ní féidir suipéar an Tighearna d’ithe:
21
óir ag ithe dhaoibh, is é a shuipéar féin chaitheas gach duine ar dtús; agus bíonn ocras ar dhuine agaibh agus bíonn duine eile ar meisce.
22
An amhlaidh nach bhfuil tighthe agaibh chum bheith ag ithe agus ag ól ionnta? nó an amhlaidh atá droch‐mheas agaibh ar eaglais Dé, go náirigheann sibh iad‐san atá gan éinnidh? Créad adéarfas mé libh? an amhlaidh mholfas mé sibh? ní mholaim san gcás so sibh.
23
Óir is ó’n Tighearna fuaras an méid do mhúineas daoibh, gur ghlac an Tighearna Íosa an t‐arán, an oidhche ’n‐ar braitheadh é;
24
agus tar a éis dó buidheachas do thabhairt, gur bhris sé é, agus go ndubhairt, Is é seo mo chorp, atá d’á bhriseadh ar bhur son‐sa: déanaidh é seo mar chuimhneamh orm‐sa.
25
Agus an cupán mar an gcéadna, tar éis an tsuipéir, g‐á rádh, Is é an cupán so an tiomna nua im’ fhuil‐se: déanaidh é seo, a mhinicighe ólas sibh é, mar chuimhneamh orm‐sa.
26
Óir a mhinicighe itheas sibh an t‐arán nó ólas sibh an cupán so, is ag foillsiú báis an Tighearna atá sibh, nó go bhfillidh sé.
27
D’á bhrigh sin, cibé duine itheas arán nó ólas cupán an Tighearna go neamh‐chubhaidh, béidh sé cionntach i gcorp agus i bhfuil an Tighearna.
28
Scrúduigheadh duine é féin, agus itheadh sé an t‐arán agus óladh sé an cupán d’á réir sin.
29
Óir an té itheas agus ólas, muna bhfeictear dó an corp, is chum breitheamhnais air féin itheas agus ólas sé.
30
Is ar an adhbhar sin atá a lán tinn, lag ’n‐bhur measc, agus atá mórán marbh.
31
Acht dá dtugaimís breitheamhnas mar ba cheart orainn féin, ní tiubharthaí breitheamhnas orainn.
32
Acht nuair bheireas an Tighearna breitheamhnas orainn, bímíd d’ár smachtú chum nach ndaorthar sinn i n‐éinfheacht leis an saoghal.
33
Uime sin, a bhráithre, ag teacht i gcionn a chéile dhaoibh chum bidh, fanaidh le chéile. Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith,
34
itheadh sé san mbaile; ar mhodh nach chum breitheamhnais bhéas bhur gcruinniú le chéile. Agus i dtaobh na neithe eile, socróchad iad nuair thiocfad.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16