bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 8
1 Corinthians 8
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
1
Anois i dtaobh bidh atá íodhbartha d’íodhalaibh: atá a fhios againn go bhfuil eolas ag gach duine againn. Cothuigheann eolas uabhar, acht is é an grádh do‐bheir deaghshampla.
2
Má mheasann aoinneach go bhfuil eolas ar aon nidh aige, ní fhuil eolas aige ar nidh ar bith mar ba chóir;
3
acht má tá grádh ag duine do Dhia, is eolach dó an duine sin.
4
Uime sin i dtaobh biadh d’ithe atá íobartha d’íodhalaibh, atá a fhios againn nach éinnidh íodhal ar domhan, agus nach bhfuil ann acht aon Dia amháin.
5
Óir bíodh go bhfuil neithe go dtugtar déithe ortha ar neamh agus ar talamh; mar tá a lán déithe agus a lán tighearnaí ann;
6
mar sin féin n fhuil againne acht aon Dia amháin, an tAthair, ó n‐a dtagann gach uile nidh, agus sinne le n‐a aghaidhsean; agus aon Tighearna Íosa Críost amháin, tré n‐a bhfuil an uile nidh ann, agus sinne tríd‐sean.
7
Acht ní fhuil an t‐eolas sin ag gach duine; óir atá daoine ann atá cleachtuighthe ar an íodhal, itheas a mbiadh mar bhiadh íodhbartar d’íodhal; agus ó thárla a gcoinsias bheith lag, saluightear é.
8
Acht ní molfar sinn i bhfiadhnaise Dé ar son bidh; óir muna n‐ithimíd ní miste sinn é, agus má ithimíd, ní fearr‐de sinn é.
9
Acht tabhraidh do bhur n‐aire nach mbéadh an tsaoirse sin agaibh ’n‐a ceap tuislidh do’n dream atá lag.
10
Óir má chíonn aon duine thusa go bhfuil eolas agat id’ shuidhe chum bidh i dteampall an íodhail, nach neartóchar coinsias an té atá lag chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe?
11
Agus de chionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráthair go bhfuair Críost bás ar a shon.
12
Mar sin de, ag peacú i n‐aghaidh na mbráthar agus ag lot a gcoinsiais laig, is amhlaidh pheacuigheas sibh i n‐aghaidh Chríost.
13
D’á bhrigh sin, má bheir biadh adhbhar scannail dom’ bhráthair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuislidh roimh mo bhráthair.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16