bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 4
1 Corinthians 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
1
Bíodh an meas ag daoinibh orainn bhíos aca ar mhaoraibh rúindiamhaír Dé.
2
Thairis sin is é rud éilightear ar mhaoraibh bheith dílis.
3
Acht is rí‐bheag liom‐sa go dtiubhradh sibh‐se breitheamhnas orm, nó go dtiubhradh daoine eile breitheamhnas orm; go deimhin, ní thugam breitheamhnas orm féin.
4
Óir ní fios dom éinnidh im’ choinnibh féin; acht ní fhíréanuigheann sin mé: óir is é an Tighearna bheireas breitheamhnas orm.
5
D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.
6
Anois, a bhráithre, san méid adubhras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é chum go bhfoghlaimeochadh sibh uainn gan dul thar a bhfuil scríobhtha; chum nach mbéidh sibh lán d’uabhar i n‐éadan a chéile.
7
Óir cia rinne duine ar leith dhíot‐sa? agus créad atá agat nach bhfuarais? agus má fuarais féin é, cad chuige dhuit bheith ag maoidheamh, amhail agus nach bhfuarais é?
8
Atá bhur sáith agaibh cheana, atá sibh saidhbhir cheana, atá sibh suidhte i gcoróin cheana gan fanamhain linn; agus go deimhin dob’ fhearr liom sibh bheith suidhte i gcoróin, chum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinfheacht libh.
9
Óir samhluightear dom go ndearna Dia sampla dínne abstail mar dhream is úirísle ar bith, mar dhaoine atá daortha chum báis; óir atáimíd ’n‐ár sampla poiblidhe i bhfiadhnaise na n‐aingeal agus na ndaoine.
10
Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaibh ar son Chríost, acht atá sibh‐se céillidhe i gCríost, atáimíd‐ne lag, acht atá sibh‐se tréan; atá árd‐mheas oraibh‐se acht atá droch‐mheas orainne.
11
Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnocht, agus tugtar droch‐íde orainn, agus ní fhuil aon chómhnaidhe bhuan againn;
12
bímíd ag obair go dian le n‐ár lámhaibh féin: nuair masluightear sinn, do‐bheirimíd beannacht; nuair do‐ghnítear géirleanmhain orainn, fulaingmíd leis;
13
nuair díblightear sinn, labhraimíd go séimh; do‐rinneadh dríodar an tsaoghail dínn, deascadh an uile nidh go dtí an lá so atá ann.
14
Ní chum náire do chur oraibh scríobhaim na neithe seo, acht chum teagasc do thabhairt daoibh, mar chlann ionmhain liom.
15
Óir bíodh go bhfuil deich míle oide i gCríost agaibh, ní fhuil a lán aithreach agaibh: óir is mise do ghein i nÍosa Críost tríd an soiscéal sibh.
16
Athchuinghim oraibh, d’á bhrigh sin, mo lorg‐sa do leanamhain.
17
Chuige sin is eadh do chuireas Timótéus chugaibh, mo mhac ionmhain féin atá díleas san Tighearna; cuirfidh seisean i gcuimhin daoibh mo shlighthe atá i gCríost, mar mhúinim‐se ins gach áit, ins gach eaglais iad.
18
Acht atá dream ann atá lán d’uabhar, amhlaidh agus nach rabhas ag teacht.
19
Acht tiocfad chugaibh gan mhoill, má’s toil le Dia é, agus aithneochad, ní h‐í cainnt an dreama atá go h‐uaibhreach, acht an cumas atá aca.
20
Óir ní i mbriathraibh béil atá ríoghacht Dé, acht i gcumhacht.
21
Créad dob’ áil libh? An le slait thiocfad? nó le grádh, agus le spiorad caoimhnis?
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16