bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 13
1 Corinthians 13
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Dá labhrainn le teangthachaibh daoine agus aingeal, gan grádh bheith agam, ní fhuilim acht mar bhéadh prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneacht.
2
Agus dá mbéadh buaidh na fáidheadóireachta agam, agus dá dtuiginn gach rúindiamhair agus gach eolas, agus dá mbéadh gach creideamh agam ar mhodh go bhféadfainn sléibhte d’aistriú, agus mé bheith gan grádh, atáim gan éifeacht.
3
Agus dá mbronnainn mo mhaoin shaoghalta chum na boicht do chothú, agus dá dtabharainn mo chorp d’á loscadh, gan grádh bheith agam, ní fhuil tairbhe dá laighead agam d’á bhárr.
4
Atá an grádh foighdeach, deaghchroidhtheach; ní ghlacann sé formad; ní dhéanann an grádh maoidhmheachas ná baothghlór;
5
ní dhéanann sé mí‐ghreann, ní loirgeann sé a leas féin, ní fhuil sé so‐bhrostuighthe chum feirge,
6
ní ghlacann sé droch‐amhras, ní dhéanann sé gáirdeachas mar gheall ar an éagcóir, acht ghníonn sé gáirdeachas fá’n bhfírinne;
7
foidhnigheann sé le gach nidh, creideann sé an uile nidh, cuireann sé muinighin as gach uile nidh, fulaingeann sé an uile nidh.
8
Ní chliseann ar an ngrádh am ar bith: acht má tá tarngairí ann, tiocfaidh siad chum críche; má tá teangthacha ann, curfar deireadh leo; má tá eolas ann, rachaidh sé ar ceal.
9
Óir ní fhuil acht eolas neamh‐chruinn againn, agus is fáidheadóireacht neamh‐chruinn do‐ghnímíd:
10
acht nuair thiocfas foirbhtheacht i gcrích, curfar deireadh leis an nidh atá neamh‐iomlán.
11
Nuair do bhíos im’ leanbh, do labhras nós leinbh, do thuigeas mar thuigfeadh leanbh, is ciall leinbh do bhí agam: acht ar mbeith im’ fhear dom, do bhíos réidh le neithibh leanbhaidhe.
12
Óir chímíd anois mar bhéadh go doiléir i scathán; acht chífimíd éadan a chéile an t‐am sin: anois atá aithne neamh‐chruinn againn, acht aithneochad an t‐am sin fá mar aithnightear mé féin.
13
Anois fanann na trí neithe seo, an creideamh, an dóchas agus an grádh: acht an nidh is mó díobh is é an grádh é.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16