bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 14
1 Corinthians 14
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
1
Loirgidh an grádh: acht cuiridh suim i mbronntanaisibh spioradálta, an fháidheadóireacht go h‐áirithe.
2
Óir an duine labhras i dteangain, ní le daoinibh labhras sé, acht le Dia, mar ní thuigeann aoinneach é: gidh go labhrann sé rúindiamhra san spiorad.
3
Acht an té do‐ghní fáidheadóireacht, labhrann sé le daoinibh g‐á spreagadh, g‐á mbrostú, agus g‐á gcómhfhortú.
4
An té labhras i dteangain, spreagann sé é féin; acht an té do‐ghní fáidheadóireacht, spreagann sé an eaglais.
5
Ba mhaith liom go labharfadh sibh uile i dteangthachaibh, acht dob’ fhearr liom go mór go ndéanfadh sibh fáidheadóireacht: mar is fearr go mór an té do‐ghní fáidheadóireacht ’ná an té labhras i dteangthachaibh, muna mínighidh sé, chum go bhfaighidh an eaglais beannacht.
6
Anois, a bhráithre, má thagaim chugaibh ag labhairt i dteangthachaibh, cia an maitheas dhéanfad daoibh, muna mbéidh foillsiú, nó eolas, nó fáidheadóireacht, nó teagasc éigin agam d’á thabhairt?
7
Na neithe féin atá gan anam, ag déanamh fuama dhóibh, má’s fliúit nó cláirseach iad, muna mbíonn idirdhealú ins na fuamaibh, cionnas aithneochar an port seinntear ar an bhfliúit nó ar an gcláirsigh?
8
Óir muna dtugaidh an stoc glór soiléir, cia ghléasfas é féin chum catha?
9
Is mar sin daoibh‐se, muna labhraidh sibh briathra so‐thuigseana leis an teangain, cionnas aithneochar brigh an nidh adeirtear? Ag labhairt san aer bhéas sibh.
10
Gan amhras is iomdha cineál teangan atá san domhan, agus ní fhuil einnidh gan guth.
11
Mar sin de, muna dtuigim‐se brigh an ghotha, béidhead im’ choigríochach ag an té labhras, agus béidh an té labhras ’n‐a choigríochach agam‐sa.
12
Ar an adhbhar sin, de bhrigh go sanntuigheann sibh bronntainisí spioradálta, iarraidh gur ab é leas na h‐eaglaise bhéas mar chúram oraibh.
13
Uime sin, an té labhras i dteangain, guidheadh sé go mbéidh ar chumas dó an míniú do thabhairt.
14
Óir má ghním urnaighe i dteangain, do‐ghní mo spiorad urnaighe, acht bíonn mo thuigsin chinn gan toradh.
15
Créad eile má’s eadh? Déanfad urnaighe leis an spiorad, agus déanfad urnaighe leis an tuigsin chinn, chómh maith: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin chinn, chómh maith.
16
Muna mbéadh sin, má bheir tú buidheachas leis an spiorad, an té atá gan eolas, cionnas adéarfas sé Amen, agus tú ag breith buidheachais?
17
Is fíor go bhfuil tú ag breith buidheachais, acht ní h‐aon chongnamh do’n duine eile é.
18
Bheirim buidheachas le Dia go labhraim i dteangthachaibh níos mó ’ná sibh go léir:
19
acht dob’ fhearr liom cúig focail do labhairt lem’ thuigsin chinn san eaglais, chum teagasc do thabhairt do dhaoinibh eile, ná deich míle focal i dteangain.
20
A bráithre, ná bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh do réir tuigseana: acht i dtaobh mailíse bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh, acht i dtaobh tuigseana cinn, bidhidh ’n‐bhur ndaoinibh fásta.
21
Atá scríobhtha san dlighe, Le lucht labhartha teangthach eile agus as béalaibh coigríochach is eadh labharfad leis an bpobal so; agus ’n‐a dhiaidh sin ní éistfidh siad liom, adeir an Tighearna.
22
Mar sin de is mar chómhartha atá teangthacha ann, ní h‐é do lucht an chreidimh, acht do lucht an dí‐chreidimh; acht ní le h‐aghaidh na ndí‐chreideamhach, acht le h‐aghaidh na gcreidmheach atá an fháideadóireacht.
23
Uime sin, nuair bhíos an eaglais uile cruinn le chéile, agus go labhrann an uile dhuine i dteangthachaibh, agus go dtagann daoine aineolacha isteach, agus daoine nach gcreideann, nach n‐abróchaidh siad gur ar mire atá sibh?
24
Acht má’s ag fáidheadóireacht bhíos gach aoinneach, agus go dtagann duine díchreidmheach nó duine aineolach isteach, bíonn sé d’á spreagadh ag cách, bíonn sé fá bhreith cáich; nochtar rúna a chroidhe;
25
agus ar mhodh go dtuitfidh sé ar a aghaidh faoi agus go n‐adharfaidh sé Dia, g‐á rádh go bhfuil Dia dá ríribh ’n‐bhur measc.
26
Créad é, mar sin, a bhráithre? Ag teacht i gceann a chéile dhaoibh, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gach duine agaibh. Déantar gach uile nidh chum leasa na mbráthar.
27
Má labhrann aon duine i dteangain, labhradh beirt, nó triúr, an chuid is mó dhe, i ndiaidh a chéile;
28
agus déanadh duine amháin an míniú: acht muna mbíonn mínightheoir ann, fanadh sé ’n‐a thost san eaglais; agus labhradh sé leis féin agus le Dia.
29
Labhradh beirt nó triúr de na fáidhibh, agus déanadh an chuid eile breitheamhnas.
30
Acht má tugtar foillsiú do dhuine eile atá ’n‐a shuidhe ann, bíodh an chéad chainnteoir ’n‐a thost.
31
Óir tig libh uile fáidheadóireacht do dhéanamh ’n‐bhur nduine agus ’n‐bhur nduine, chum go dtugtar teagasc agus spreagadh do gach aoinneach;
32
agus bíonn spioraidí na bhfáidh fá smacht na bhfáidh;
33
óir ní Dia mí‐riaghaltachta é Dia, acht is é Dia na síothchána é; mar is amhlaidh atá i n‐eaglaisibh uile na naomh.
34
Bíodh na mná ’n‐a dtost ins na h‐eaglaisibh: óir ní ceaduightear dóibh labhairt; acht bíodh siad ómósach, mar deir an dlighe.
35
Agus má’s áil leo nidh ar bith d’fhoghlaim, cuiridís ceist ar a bhfearaibh féin san mbaile: óir ní cuibhe do mhnaoi labhairt san eaglais.
36
An uaibh‐se do chuaidh briathar Dé amach? nó, an chugaibh‐se amháin tháinig sé?
37
Má mheasann aon duine gur fáidh nó duine spioradálta é, adhmhuigheadh sé, na neithe scríobhaim chugaibh, gur ab iad aitheanta an Tighearna iad.
38
Acht má tá duine ar bith gan eolas, bíodh sé gan eolas.
39
Uime sin, a bhráithre, cuiridh an‐tsuim san bhfáidheadóireacht, agus ná cuiridh cosc le labhairt i dteangthachaibh.
40
Acht déantar an uile nidh go stuamdha, deagh‐riaghalta.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16