bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 15
1 Corinthians 15
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Anois, a bhráithre, cuirim ar eolas daoibh an soiscéal do sheanmóireas daoibh, gur ghlac sibh leis, go bhfuil bhur seasamh air,
2
agus tré n‐a slánuightear sibh, leis; má choimheádann sibh go daingean an briathar do sheanmóireas doibh, munar chreideabhar go neamh‐éifeachtach.
3
Óir ar dtús thugas daoibh, mar fuaras é, go bhfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaidhe, de réir na scrioptúir:
4
agus gur h‐adhlacadh é: agus gur aiséirigh sé an treas lá do réir na scrioptúir;
5
agus gur taidhbhrigheadh é do Chéfas;
6
don dáréag ’n‐a dhiaidh sin; gur taidhbhrigheadh é ’n‐a dhiaidh sin do thuilleadh agus cúig céad bráthair i n‐éinfheacht, go bhfuil an chuid is mó aca ’n‐a mbeathaidh fós, acht go bhfuil cuid eile aca tuitthe fá shuan.
7
’N‐a dhiaidh sin taidhbhrigheadh é do Shéamas,
8
annsin do na h‐abstalaibh uile; agus san deireadh, taidhbhrigheadh é dhamh‐sa, mar dhuine rugadh i n‐antráth.
9
Óir is mise an té is lugha de na h‐abstalaibh, nach fiú mé ainm abstail do thabhairt orm, de bhrigh go ndearnas géirleanmhain ar eaglais Dé.
10
Acht is tré ghrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnadh orm, ní fríth gan éifeacht é; acht is mó an saothar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: gidh nach mise do‐rinne, acht grása Dé do bhí liom.
11
Acht cia aca mise nó iad‐san, is mar sin do‐ghnímid seanmóireacht, agus is mar sin do chreideabhair‐se.
12
Anois, má fógarthar Críost gur éirigh sé ó na marbhaibh, cionnas adeir cuid agaibh nach bhfuil aiséirghe na marbh ann?
13
Muna bhfuil aiséirghe na marbh ann, níor éirigh Críost fós:
14
agus munar éirigh Críost, atá ár bhfógairt gan éifeacht, tá bhur gcreideamh‐sa gan bhrigh, leis.
15
Agus do‐gheibhtear sinne bheith ’n‐ár bhfianaidhthibh bréige ar son Dé; de chionn go dtugamar fiadhnaise i dtaobh Dé gur thóg sé Críost: an té nár thóg sé; má’s fíor nach dtógtar na mairbh.
16
Óir muna dtógtar na mairbh, níor tógadh Críost féin fós:
17
agus munar tógadh Críost, atá bhur gcreideamh gan éifeacht; atá sibh ’n‐bhur bpeacaidhibh i gcómhnaidhe.
18
Mar an gcéadna na daoine atá tuitthe fá shuan i gCríost, atá siad caillte.
19
Má’s san tsaoghal so amháin atá dóchas as Críost againn, is sinne na daoine is truaighe ar bith.
20
Acht anois atá Críost éirighthe ó na marbhaibh, is é céad‐toradh na ndaoine atá fá shuan é.
21
Óir fá mar tháinig an bás tríd an duine, tríd an duine is eadh, leis, tháinig an aiséirghe ó na marbhaibh.
22
Óir amhail mar gheibheann gach uile dhuine bás i nÁdhamh, mar an gcéadna is eadh aithbheochar gach uile dhuine i gCríost.
23
Acht gach duine ’n‐a sheal féin: Críost mar chéadtoradh; ’n‐a dhiaidh sin na daoine is le Críost, nuair thiocfas sé.
24
Annsin an deireadh, nuair thiubhras sé an ríoghacht suas do Dhia, an tAthair; nuair chuirfeas sé gach ceannas agus gach ughdarás agus cumhacht ar ceal.
25
Óir caithfidh sé bheith ’n‐a righ nó go gcuiridh sé a náimhde uile fá n‐a chosaibh.
26
Is é an bás an námha dheiridh cuirfear ar ceal.
27
Óir do chuir sé gach uile nidh fá smacht fá n‐a chosaibh. Acht nuair adeir sé, Atá gach uile nidh curtha fá smacht, is léir nach mbaineann sin leis an té do chuir gach uile nidh fá n‐a cheannas.
28
Agus nuair bhéas gach uile nidh fá n‐a cheannas, annsin is eadh bhéas an Mac féin fá cheannas an té do chuir gach uile nidh fá n‐a cheannas, ar mhodh go mbéidh Dia ’n‐a uile nidh do chách.
29
Munarbh é sin é, créad dhéanfas na daoine baistear ar son na marbh? Muna n‐aiséirigheann na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear iad ar a son?
30
cad chuige dhúinne seasamh i nguais gach uair?
31
Dearbhuighim, a bhráithre, ar an mbród atá agam asaibh i nÍosa Críost ár dTighearna, go bhfaighim bás gach lá.
32
Má’s ar nós daoine do throideas le h‐ainmhidhthibh allta i nEiféis, créad é a thairbhe dhom? Muna n‐aiséirigheann na mairbh, ithimís agus ólaimís óir do‐gheobhaimíd bás i mbáireach.
33
Ná mealltar sibh: Truailligheann drochch‐uideachta deagh‐bhéasa.
34
Dúisighidh chum fíréantachta, agus ná déanaidh peacadh: óir atá cuid agaibh atá gan eolas ar Dhia: deirim an méid seo chum náire do chur oraibh.
35
Acht atá daoine ann adéarfas, Cionnas aiséirigheann na mairbh? agus cia an saghas cuirp ’n‐a dtagann siad?
36
A dhuine dhith‐céillidhe, an síol chuireas tú féin, ní beodhuightear é muna n‐éagann sé:
37
agus an nidh shíolchuireas tú, ní h‐é an corp bhéas ann chuireas tú acht gráinne lom cruithneachtan, b’fhéidir,
38
nó arbhair áirithe eile: acht do‐bheir Dia corp dó do réir a roghan féin, agus do‐bheir sé a chorp féin do gach síol.
39
Ní h‐ionann le chéile an uile shaghas feola: acht atá feoil ar leith ag daoinibh, agus feoil ar leith ag ainmhidhthibh, agus feoil ar leith ag éanachaibh, agus feoil ar leith ag an iasc.
40
Atá cuirp neamhdha ann, agus cuirp thalmhaidhe, leis: acht is nidh amháin ar leith áilne an chuirp neamhdha, agus nidh amháin eile áilne an chuirp thalmhaidhe.
41
Atá áilne ar leith ag an ngréin, agus áilne ar leith ag an ngealaigh, agus áilne ar leith ag na réaltaibh; óir atá malairt áilne ag réaltaibh le réaltaibh eile.
42
Mar sin d’aiséirghe an chuirp. Curtar an corp ’n‐a nidh truaillidhe: éirigheann sé ’n‐a nidh neamhthruaillidhe:
43
curtar é i n‐easonóir; éirigheann sé i nglóir: curtar é i laige; éirigheann sé i neart: curtar é mar chorp nádúrtha;
44
éirigheann sé mar chorp spioradálta. Má tá corp nádúrtha ann, atá corp spioradálta ann, leis.
45
Mar atá scríobhtha, An chéad duine, Ádhamh, ba anam beo é go dtugadh an bheatha dhó; an tÁdhamh deireannach, is é do‐bheir an bheatha uaidh.
46
Acht ní h‐é an nidh spioradálta ba thúisce do bhí ann, acht an nidh nádúrtha; an nidh spioradálta ’n‐a dhiaidh sin.
47
Ó’n talamh do’n chéad duine, talmhaidhe: ó neamh do’n dara duine.
48
Mar tá an duine talmhaidhe, is mar sin atá an mhuinntear thalmhaidhe: agus mar tá an duine neamhdha, is mar sin atá an mhuinntear neamhdha.
49
Agus fá mar bhíomar i gcosamhlacht an duine thalmhaidhe, béidhmíd i gcosamhlacht an duine neamhdha, leis.
50
Is é rud adeirim, a bhráithre, nach bhféadann feoil agus fuil oidhreacht ríoghachta Dé d’fhágháil; agus nach mbíonn an truailleacht ’n‐a h‐oidhre ar an neamhthruailleacht.
51
Féach, innisim diamhar‐rún daoibh: Ní chodlóchaimíd uile, acht curfar malairt crotha orainn;
52
i móiméad, le sméideadh súile, le glór an stuic deiridh; óir séidfidh an stoc, agus éireochaidh na mairbh neamhthruaillidhe, agus athróchar sinn.
53
Óir ní foláir do’n chorp truaillidhe neamhthruailleacht do chur uime, agus do’n chorp so‐mharbhtha do‐mharbhacht do chur uime.
54
Agus nuair chuirfeas an corp truaillidhe neamhthruailleacht uime, tiocfaidh chum críche an focal atá scríobhtha, Atá an bás sloigthe i mbuaidh.
55
A bháis, cá bhfuil do bhuaidh?
56
A bháis, cá bhfuil do chealg? Is é an peacadh cealg an bháis; agus is é an dlighe neart an pheacaidh.
57
Acht buidheachas le Dia do‐bheir an bhuaidh dhúinn tríd ár dTighearna Íosa Críost.
58
Uime sin, a bhráithre ionmhaine, bidhidh diongbhálta, do‐chorruighthe, lán‐dícheallach i gcómhnaidhe i ngnó an Tighearna, agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar san Tighearna gan toradh.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16