bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Corinthians 16
1 Corinthians 16
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Anois i dtaobh an bhailighthe i gcómhair na naomh, déanaidh‐se do réir mar d’órduigheas d’eaglaisibh na Galátia.
2
Cuireadh gach duine agaibh rud i leathtaoibh i dtaisce san mbaile, do réir a acfuinne, chum nach mbéidh aon bhailiú d’á dhéanamh nuair thiocfad‐sa.
3
Agus nuair thiocfad, cuirfead na daoine bhéas toghtha agaibh le litreachaibh chum bhur dtabhartas do bhreith leo go hIarúsalem:
4
agus má’s cuibhe dhom féin dul, rachaidh siad‐san i n‐éinfheacht liom.
5
Acht tiocfad chugaibh tar a éis dom dul tríd an Mhaiceadhóin, óir atáim ag dul tríd an Maiceadóin;
6
agus is féidir go bhfanfad, nó go gcaithfead an geimhreadh ’n‐bhur bhfochair, chum go gcuirfidh sibh ar aghaidh mé, cibé áit chum a ráchad.
7
Óir ní mian liom sibh d’fheicsin an t‐am so ar an slighe dhom; mar tá súil agam fanamhain tamall ’n‐bhur bhfochair, má’s toil le Dia é.
8
Acht fanfad i nÉiféis, go Cingcís;
9
óir atá doras mór fóghanta ar fhoscailt rómham, agus is mór a lán námhad atá ann.
10
Má thagann Timótéus, féach chuige go mbéidh sé gan eagla ’n‐bhur bhfochair: óir atá sé ag déanamh oibre an Tighearna,
11
mar táim‐se dhá déanamh: ná déanadh aoinneach beag‐is‐fiú dhe. Acht cuiridh ar aghaidh ar a aistear é i síothcháin, chum go dtiocfaidh sé chugam; óir atáim ag súil leis i n‐éinfheacht leis na bráithribh.
12
Acht i dtaobh an bhráthar Apollos, d’impidheas go dian air teacht chugaibh i n‐éinfheacht leis na bráithribh: agus ní raibh fonn dá laighead air teacht anois; acht tiocfaidh sé nuair bhéas faill aige chuige.
13
Bidhidh ag faire; seasaidh go daingean san gcreideamh; bidhidh go fearamhail; bidhidh tréan‐láidir.
14
Gach a ndéanann sibh, déanaidh i ngrádh é.
15
Impidhim oraibh, a cháirde (atá a fhios agaibh líon tighe Steafáin, gur ab iad céad‐toradh Acháia iad, agus go dtugadar iad féin chum seirbhíse na naomh), go mbéidh sibh umhal d’á leithéidibh,
16
agus do gach duine atá ag cómhoibriú agus ag saothrú.
17
Agus atá áthas orm mar gheall ar theacht Steafáin agus Fórtúnatuis agus Acháicuis: óir do líonadara ar fhag sibh i n‐easnamh.
18
Óir thugadar suaimhneas spioraid damh‐sa agus daoibh‐se: bíodh meas agaibh ar a leithéidibh‐sean d’á bhrigh sin.
19
Beannuigheann eaglaisí na hÁise dhaoibh. Beannuigheann Acuila agus Prisca go croidheamhail daoibh san Tighearna, i n‐éinfheacht leis an eaglais atá ’n‐a dtigh.
20
Beannuigheann na bráithre go léir daoibh. Beannuighidh‐se d’á chéile le póig naomhtha.
21
Mo bheannacht uaim‐se Pól lem’ láimh féin.
22
Cibé duine nach ngrádhuigheann an Tighearna, bíodh sé anátema.
23
Maran ata. Go raibh grádh an Tighearna Íosa Críost libh.
24
Go raibh mo ghrádh‐sa agaibh go léir i nÍosa Críost. Amén.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16