bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 11
Matthew 11
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 12 →
1
Nuair a bhí críoch curtha ag Íosa ar an teagasc a thug sé dá dháréag deisceabal, shiúil sé ar aghaidh ansin a theagasc agus a sheanmóireacht ina gcathracha.
2
Nuair a chuala Eoin iomrá ar ghníomhartha an Chríost, agus é sa phriosún, chuir sé scéal chuige lena dheisceabail féin
3
ag fiafraí de, “An tú an té atá le teacht, nó an mbeidh súil againn le duine nach tú?”
4
Agus ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Imigí agus insígí dʼEoin a gcluineann sibh agus a bhfeiceann sibh:
5
faigheann na daill a radharc agus tá na ciothramaigh ag siúl, glantar na lobhair agus cluineann na bodhráin, tógtar na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do na boicht.
6
Agus is beannaithe an té nach nglacann scannal liom.”
7
Nuair a bhí siadsan ag imeacht, thosaigh Íosa ag cur síos ar Eoin leis na sluaite: “Cad é an rud é a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach le hamharc a fháil air? Giolcach á luascadh le gaoth?
8
Ach cad chuige a ndeachaigh sibh amach? An le fear a fheiceáil a mbíodh éadaí míne air? Ach is i dtithe na ríthe a bhíos lucht an éadaigh mhín.
9
Cad chuige mar sin a ndeachaigh sibh amach? Le fáidh a fheiceáil? Is ea, agus ní is mó, deirim libh, ná fáidh.
10
Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach, a réiteos do shlí romhat.’
11
Deirim libh go fíor nach raibh mac ag máthair riamh a ba mhó ná Eoin Baiste; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht na bhflaitheas.
12
Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú.
13
Mar bhíodh na fáithe uile agus an dlí ag déanamh fáistine go dtí gur tháinig Eoin;
14
agus más toil libh glacadh leis uaim, is é sin Elía a bhí le teacht.
15
An té a bhfuil cluasa aige le héisteacht, éisteadh sé.
16
“Ach cé an tsamhail a thabharfaidh mé don ghlúin seo? Is í an tsamhail atá orthu, páistí ina suí i sráid an mhargaidh agus ag glaoch ar na páistí eile atá ag súgradh leo,
17
‘Sheinneamar na píobaí daoibh, agus ní dhearna sibh damhsa; rinneamar mairgneach, agus ní dhearna sibh brón.’
18
Mar tháinig Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad ‘Tá deamhan ina chorp’;
19
agus tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus is é a deir siad, ‘Seo craosaire bia agus pótaire fíona, seo cara na mbailitheoirí cánacha agus na bpeacach!’ Ach tugann a bearta a ceart don eagnaíocht.”
20
Ba ansin a thosaigh sé ar cháineadh na gcathracha ba mhó a ndearna sé móroibreacha iontu, as siocair gan aithrí a bheith orthu.
21
“Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu.
22
Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse.
23
Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú? Is é rud, ísleofar go Háidéas thú. Mar dá mba i Sodóm a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionatsa, bheadh sé ag fanacht ina sheasamh go dtí an lá inniu.
24
Ach deirimse libh gur éadroime an bhreith a thabharfar lá an bhreithiúnais ar Thír Shodóim ná an bhreith a thabharfar ort.”
25
Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad;
26
is ea, bhí sin amhlaidh, a Athair, ba é sin do thoil agus do dheoin.
27
Tá gach uile ní tugtha uaidh i mo láimh ag mʼAthairse; agus ní aithnid an Mac dʼaon duine ach don Athair, agus ní aithnid an tAthair dʼaon duine ach don Mhac agus duine ar bith a dtoilíonn an Mac a nochtadh dó.
28
Tagaigí chugamsa, a dhream úd a mbíonn saothar mór agus ualaí troma oraibh, agus tabharfaidh mé suaimhneas daoibh.
29
Tagaigí faoi mo chuing, agus glacaigí le mo theagasc; mar is caoin uiríseal mo chroí, agus gheobhaidh sibh suaimhneas anama agam.
30
Is cuing éasca mo chuingse, agus is éadrom an t‑ualach mʼualachsa.”
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28