bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 16
Matthew 16
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 17 →
1
Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, dʼiarr siad air comhartha ó neamh a thaispeáint dóibh.
2
Ba é a fhreagra orthu, “Nuair a bhíos an tráthnóna ann, is é a deir sibh, ‘Beidh an aimsir maith, mar tá an spéir dearg.’
3
Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú.
4
Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus dʼimigh leis.
5
Nuair a shroich na deisceabail an taobh thall, bhí dearmad déanta acu ar aon arán a thabhairt leo.
6
Arsa Íosa leo, “Tugaigí aire agus seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”
7
Agus bhí siad á chíoradh acu eatarthu féin, agus iad á rá, “Níor thugamar aon arán linn.”
8
Ba léir sin dʼÍosa, agus dúirt sé, “A dhaoine úd an chreidimh bhig, cad chuige daoibh bheith á chíoradh mar sin bhur mbeith gan arán?
9
Nach dtuigeann sibh go fóill? Nach cuimhin libh cúig bhuilín na gcúig mhíle, agus cé mhéid ciseán a bhailigh sibh?
10
Nó nach cuimhin libh seacht mbuilín na gceithre mhíle, agus an méid ciseán a bhailigh sibh?
11
Cad chuige daoibh bheith chomh dall sin nach dtuigeann sibh nach ar arán a bhí mé ag caint. Seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”
12
Thuig siad ansin nach raibh sé ag rá leo laibhín an aráin a sheachaint, ach teagasc na bhFairiséach agus na Sadúcéach a sheachaint.
13
Anois nuair a tháinig Íosa go ceantar Chaesaría Filipí, dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is Mac an duine?”
14
Agus dúirt siadsan, “Deir dream gurb é Eoin Baiste é, agus an dara dream gurb é Elía é, agus dream eile gurb é Ierimía é nó fáidh de na fáithe.”
15
Ar seisean leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?”
16
Dʼfhreagair Síomón Peadar, “Is tú an Críost, Mac an Dé bhí.”
17
Agus dʼfhreagair Íosa é, “Is beannaithe tú, a Shíomóin Bar-Ióna! Mar ní fuil is feoil a nocht sin duit, ach mʼAthair atá ar neamh.
18
Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise mʼeaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi.
19
Tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas, agus cibé ní a cheanglaíos tú ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé ní a scaoileas tú ar talamh scaoilfear ar neamh é.”
20
Bhagair sé go dian ansin ar na deisceabail gan a insint do dhuine ar bith gurbh é an Críost é.
21
Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá.
22
Agus ghlac Peadar é agus thosaigh sé ar chur ina choinne, á rá leis, “Ná habair sin, a Thiarna! Ní éireoidh sin duit choíche.”
23
Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.”
24
Ba ansin a dúirt Íosa lena dheisceabail, “Más toil le haon duine teacht i mo dhiaidh, diúltaíodh sé dó féin agus tógadh sé a chrois air agus leanadh sé mé.
25
Mar an té ar mhian leis a bheo a shábháil, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liom gheobhaidh sé é.
26
“Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais?
27
Mar tá Mac an duine le teacht i nglóir a Athar, é féin agus a aingil, agus san uair úd cúiteoidh sé le gach duine a bhfuil déanta aige.
28
Deirim libh go fírinneach, tá siad ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad Mac an duine ag teacht i réim a ríochta.”
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28