bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 4
Matthew 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 5 →
1
Ba ansin a bhí Íosa á threorú ag an Spiorad Naomh amach ar an bhfásach ionas go gcuirfeadh an diabhal cathú air.
2
Agus rinne sé troscadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí an t‑ocras air.
3
Agus tháinig an cathaitheoir chuige go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh do na clocha seo bheith ina mbuilíní aráin.”
4
Ach dʼfhreagair sé, “Is é atá scríofa, ‘Ní ar arán amháin a mhairfeas an duine, ach ar an uile bhriathar dá dtagann as béal Dé.’”
5
Ba ansin a thug an diabhal leis é go dtí an naomh-chathair, gur chuir ina sheasamh é i bhfíor-mhullach an teampaill,
6
go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos thú féin; mar tá scríofa, ‘Cuirfidh sé ar chúram a aingeal thú,’ agus ‘Iompróidh siad ar a mbosa thú, ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.’”
7
Arsa Íosa leis, “Tá scríofa arís, ‘Ní chuirfidh tú cathú ar do Thiarna Dia.’”
8
Thug an diabhal leis arís é go mullach sléibhe a bhí as cuimse ard, gur thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir;
9
agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.”
10
Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa, ‘Adharfaidh tú do Thiarna Dia agus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’”
11
Dʼfhág an diabhal ansin é, agus bʼshiúd na haingil ag teacht chuige a fhreastal air.
12
Anois nuair a chuala sé gur gabhadh Eoin, chuaigh sé ar a sheachnadh go Galailí;
13
agus dʼfhág sé Nasair go ndeachaigh a bhaint faoi i gCaparnáum atá cois na farraige, i gceantar Shebúlúin agus Naftálí,
14
ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia:
15
“Tír Shebúlúin agus Tír Naftálí, i dtreo na farraige, taobh thall den Iornán, Galailí na nGintlithe—
16
an mhuintir a bhíodh ina suí faoin dorchadas, tá solas mór feicthe acu, agus an dream a bhí suite i dtír an éaga agus faoi scáth an bháis, is orthu a dʼéirigh an solas.”
17
As sin amach thosaigh Íosa a sheanmóireacht, agus dúirt sé, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht neimhe i bhfogas.”
18
Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.
19
Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.”
20
Dʼfhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é.
21
Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu.
22
Dʼfhág siad an bad agus a n‑athair ar an toirt, agus lean siad é.
23
Agus shiúil sé an Ghalailí ar fad, ag teagasc sna sionagóga agus ag seanmóireacht soiscéal na ríochta agus ag leigheas gach uile aicíd agus easláinte a bhíodh ar dhaoine.
24
Mar sin leathnaigh a cháil ar fud na Síre, agus tugadh chuige na hothair, an dream a raibh plánna nó pianta orthu, nó deamhain iontu, nó titimeas nó pairilis orthu, agus leigheas sé iad.
25
Agus bhí sluaite móra á leanúint ó Ghalailí agus ó Dhecapolis agus ó Iúdaea agus ón limistéar a bhí taobh thoir den Iornán.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28