bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 17
Matthew 17
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 18 →
1
Agus sé lá ina dhiaidh sin, ghlac Íosa leis Peadar agus Séamas agus a dheartháir Eoin, agus threoraigh iad i leataobh go mullach ardsléibhe.
2
Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus dʼéirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas.
3
Agus bʼshiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis.
4
Agus arsa Peadar le hÍosa, “A Thiarna, is maith mar tharla dúinn bheith anseo; más é do thoil é, déanfaidh mé trí bhoth anseo, both duitse agus both do Mhaois agus both dʼElía.”
5
Ní raibh an focal as a bhéal, nuair bʼshiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.”
6
Nuair a chuala na deisceabail sin, shléacht siad béal fúthu ar talamh, agus líonadh dʼuafás iad.
7
Ach tháinig Íosa gur leag a lámh orthu agus dúirt sé leo, “Éirígí, agus ná bíodh eagla oraibh.”
8
Agus nuair a dʼfhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin.
9
Nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh, dʼordaigh Íosa dóibh, á rá, “Ná hinsígí faoin aisling do dhuine ar bith, go dtí go dtógtar Mac an duine ó mhairbh.”
10
Agus dʼfhiafraigh na deisceabail de, “Más amhlaidh, cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elía teacht an chéad uair?”
11
Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú;
12
ach táim ag insint daoibh go bhfuil Elía i ndiaidh teacht cheana féin, agus níorbh aithnid dóibh é, ach rinne siad a rogha rud leis. Is iad a lámha a imreoidh an bhail chéanna ar Mhac an duine freisin.”
13
Ba ansin a thuig na deisceabail gur ag caint ar Eoin Baiste a bhí sé.
14
Nuair a shroich siad an slua, tháinig an fear aníos chuige go ndeachaigh ar a ghlúine roimhe go ndúirt,
15
“A Thiarna, bíodh trócaire agat ar mo mhac, mar bíonn an titimeas ag cur pianta troma air; mar is minic dó titim sa tine nó san uisce.
16
Agus thug mé chuig do dheisceabail é, ach níor fhéad siad a leigheas.”
17
Agus dʼfhreagair Íosa, “A ghlúin chlaon an díchreidimh, cá fhad a bheidh mé agaibh? Cá fhad a chuirfidh mé suas libh? Tabhair anseo chugam é.”
18
Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd.
19
Tháinig na deisceabail chuig Íosa os íseal agus dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige nár fhéadamar é a chaitheamh amach?”
20
Ar seisean leo, “As siocair bhur ndíchreidimh. Mar deirim go fírinneach libh, má bhíonn oiread gráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an sliabh seo, ‘Bog anonn as seo,’ agus bogfaidh sé; agus níl ní nach mbeidh indéanta agaibh.”
22
Nuair a bhí siad i gcuideachta a chéile i nGalailí, dúirt Íosa leo, “Beidh Mac an duine á bhrath i lámha na ndaoine,
23
agus cuirfidh siad chun báis é, agus tógfar an tríú lá é.” Agus chuir sin dobrón mór orthu.
24
Nuair a tháinig siad go Caparnáum, chuaigh lucht bailithe cíos an leith-shecel chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Nach n‑íocann bhur nOide an cíos?”
25
“Íocann,” ar seisean. Agus nuair a tháinig sé abhaile bhí an tús ag Íosa air ag labhairt leis faoi, mar dúirt sé leis, “Cad é do mheas, a Shíomóin? Cé hiad siúd a mbaineann ríthe an talaimh cíos nó cáin astu? As a gclann féin nó as coimhthígh?”
26
Agus nuair a dúirt sé, “As coimhthígh,” dúirt Íosa leis, “Bíonn an chlann saor air mar sin.
27
Ach leisce ábhar scannail a thabhairt dóibh, gabh chun na farraige agus caith amach duán, agus tóg an chéad iasc dá dtagann aníos, agus nuair a osclaíonn tú a bhéal gheobhaidh tú secel ann; glac é agus tabhair uait é ar son na beirte againn.”
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28