bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 28
Matthew 28
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
1
Anois nuair a bhí an tsabóid beagnach thart, agus an chéad lá den tseachtain ag bánú, chuaigh Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile a amharc ar an tuama.
2
Agus bʼshiúd crith talaimh mór: aingeal ó Dhia ag tuirlingt ó neamh agus ag iontú na cloíche siar agus ag suí uirthi.
3
A ghnúis mar chaor thine agus a bhaill éadaigh ar ghile an tsneachta.
4
Leis an eagla a bhí orthu roimhe chuaigh na gardaí ar bharr amháin creatha agus thit mar mhairbh in áit na mbonn.
5
Ach dúirt an t‑aingeal leis na mná, “Ná bíodh eagla oraibh; mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag iarraidh Íosa a céasadh.
6
Níl sé anseo, mar tá sé i ndiaidh éirí mar a dúirt sé. Tagaigí go bhfeice sibh an áit a raibh sé ina luí.
7
lmígí ansin go tapaidh agus insígí dá dheisceabail go bhfuil sé i ndiaidh éirí ó mhairbh, agus féachaigí, tá sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é. Seo, tá sé inste agam daoibh.”
8
Dʼimigh siad ón tuama faoi dheifir mar sin agus eagla agus móráthas orthu, agus rith siad lena insint dá dheisceabail.
9
Agus féach, tháinig Íosa ina n‑airicis agus dúirt sé, “Fáilte!” Agus tháinig siad aníos chuige gur rug ar a chosa agus gur adhair siad é.
10
Dúirt Íosa leo ansin, “Ná bíodh eagla oraibh; imígí agus tugaigí scéal chuig mo bhráithre go gcaithfidh siad dul go Galailí, agus go bhfeicfidh siad ansin mé.”
11
Nuair a bhí siadsan ag siúl, dʼimigh cuid den gharda isteach sa chathair gur inis siad ar tharla uile do na hardsagairt.
12
Tháinig siad le chéile iadsan agus na seanóirí agus ghlac siad comhairle, agus ansin thug siad lán cráige dʼairgead do na saighdiúirí
13
agus dúirt, “Insígí do dhaoine gur tháinig a dheisceabailsean san oíche nuair a bhí sibhse in bhur gcodladh agus gur ardaigh siad leo é.
14
Agus má mhothaíonn an t‑uachtarán aon iomrá air sin, beidh leithscéal éigin againne dó a thabharfas as an gcruachás sibh.”
15
Mar sin ghlac siad leis an airgead uathu agus rinne siad mar a bhí ordaithe dóibh; agus tá an scéal sin scaipthe i measc na nGiúdach go dtí an lá seo.
16
Chuaigh an t‑aon deisceabal déag ansin go Galailí, go dtí an sliabh a bhí ainmnithe ag Íosa.
17
Agus nuair a chonaic siad é, thug siad adhradh dó; ach bhí cuid acu in amhras.
18
Agus tháinig Íosa agus dúirt sé leo, “Bronnadh orm an uile údarás ar neamh agus ar talamh.
19
Siúlaigí libh mar sin a dhéanamh deisceabal as na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
20
agus ag teagasc dóibh go gcoinní siad na hordaithe uile a thug mé daoibhse; agus féachaigí, bím i gcónaí libh, go dtaga an aois chun críche.”
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28