bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 2
Matthew 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 3 →
1
Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, bʼshiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí,
2
“Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.”
3
Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis;
4
agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol.
5
Ba é rud a dʼinis siad dó, “I mBétlehem Iúdaea; mar is mar seo atá scríofa ag an bhfáidh:
6
‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda, ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda; mar is asat a thiocfas an rialtóir a rialós mo phobalsa Iosrael.’”
7
Chuir Iorua ansin fios ar na draoithe os íseal gur fhionnaigh uathu cá huair a chonacthas an réalta;
8
agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.”
9
Dʼimigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus bʼshiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.
10
Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu;
11
agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. Dʼoscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.
12
Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin dʼimigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile.
13
Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”
14
Agus dʼéirigh sé agus rug an leanbh agus a mháthair leis san oíche, gur thug an Éigipt air féin,
15
agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.”
16
Nuair a chonaic Iorua an cleas a dʼimir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain dʼaois, de réir an ama a dʼfhionn sé ó na draoithe.
17
Is ansin a comhlíonadh an briathar a labhraíodh ó bhéal an fháidh Ierimía:
18
“Chualathas an glór i Ráma, ag mairgneach agus ag caoineadh go hard, Rachél ag caoineadh a clainne; agus ag diúltú don sólás, ó nach bhfuil siad ann.”
19
Ach nuair a fuair Iorua bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaf san Éigipt,
20
agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.”
21
Agus dʼéirigh sé agus rug sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaigh sé go Tír Iosrael.
22
Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí.
23
Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.”
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28