bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Matthew 19
Matthew 19
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 20 →
1
Anois nuair a chríochnaigh Íosa na ráite sin, dʼimigh sé ó Ghalailí go ndeachaigh sa réigiún de Iúdaea atá taobh thall den Iornán;
2
agus lean sluaite móra é, agus leigheas sé ansin iad.
3
Agus tháinig Fairiséigh aníos chuige gur chuir féachaint air ag fiafraí de, “An dleathach do dhuine a bhean a chur uaidh ar gach uile chúis?”
4
Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil,
5
agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís?’
6
Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.”
7
Dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige mar sin a dʼordaigh Maois do dhuine teastas dealaithe a thabhairt uaidh, agus í a chur uaidh mar sin?”
8
Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús.
9
Agus deirimse libh: Cibé fear a dhealaíos óna bhean, ach mar gheall ar mhí-gheanmnaíocht amháin, agus a phósas bean eile, bíonn sé ag déanamh adhaltranais.”
10
Dúirt na deisceabail leis, “Más amhlaidh an scéal dʼfhear agus dá bhanchéile, is fearr gan phósadh.”
11
Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é.
12
Mar tá coillteáin ann a bhí amhlaidh ó bhroinn, agus tá coillteáin ann a ndearna na daoine iad, agus tá coillteáin ann a rinne coillteáin díobh féin de gheall ar ríocht neimhe. An té ar féidir leis glacadh leis seo, glacadh sé leis.”
13
Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh;
14
ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.”
15
Agus leag sé a lámha orthu, agus dʼimigh sé as sin.
16
Agus bʼshiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?”
17
Agus dúirt sé leis, “Cad chuige duit fiafraí díomsa faoin maith? Tá aon neach amháin ann atá maith. Más mian leat teacht chun na beatha, coinnigh na haitheanta.”
18
Dúirt sé leis, “Cé acu?” Agus dúirt Íosa, “Ná déan dúnmharú, ná adhaltranas, ná goid, ná fianaise bhréige,
19
tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair, agus gráigh do chomharsa mar thú féin.”
20
Dúirt an t‑ógánach leis, “Tá siad seo uile comhlíonta agam; cad é atá in easpa orm fós?”
21
Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.”
22
Nuair a chuala an t‑ógánach an chaint sin dʼimigh sé faoi bhrón, mar ba mhór a mhaoin saolta.
23
Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe.
24
Insím daoibh arís, gur fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
25
Nuair a chuala na deisceabail sin bhí iontas mór orthu, agus iad á rá, “Cé mar sin is féidir a shlánú?”
26
Ach dʼfhéach Íosa fúthu agus tharstu agus dúirt sé leo, “Is dodhéanta sin do dhaoine, ach níl ní nach bhfuil indéanta ag Dia.”
27
Dúirt Peadar ansin á fhreagairt, “Féach orainne, a thréig gach uile ní agus a lean tusa. Cad é a bhéas againne mar sin?”
28
Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael.
29
Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar mʼainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí.
30
Ach is iomaí duine a bhí ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an dream a bhí ar deireadh beidh siad ar dtús.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28