bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 1
2 Chronicles 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 2 →
1
Dhaingnigh Solamh mac Dháiví é féin ar a ríchathaoir. Bhí an Tiarna a Dhia lena ais agus mhóraigh sé é go héachtach.
2
Labhair Solamh ansin le hIosrael go léir, le ceannairí míle agus le ceannairí céad, leis na breithiúna, agus le flatha Iosrael agus le cinn na bhfiní.
3
Ansin chuaigh Solamh, agus an comhthionól go léir in éineacht leis, go dtí an t-ardionad i nGibeón, mar a raibh Both Theagmhála Dé a rinne Maois, giolla Dé, san fhásach.
4
Ach bhí áirc Dé tugtha ag Dáiví ó Chiriat Iáraím go dtí an áit a bhí ullamh aige di, mar bhí both curtha suas aige di in Iarúsailéim.
5
An altóir chré-umha a rinne Bazalael mac Úirí mac Húr, bhí sí ansiúd os comhair thaibearnacal an Tiarna. Chuaigh Solamh agus a chomhthionól ansiúd.
6
Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d' ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi.
7
Thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh an oíche sin agus dúirt: «Cibe rud is main leat a fháil uaim iarr orm é.»
8
D' fhreagair Solamh Dia: «Thaispeáin tú barr cineáltais go buan do Dháiví, m' athair; agus rinne tú rí díomsa i gcomharbacht air.
9
A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m' athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún.
10
Tabhair dom anois eagna agus tuiscint le mo phobal a threorú óir cé a d' fhéadfadh pobal chomh mór leis seo a rialú?»
11
Dúirt Dia le Solamh: «De bhrí gurb é seo a bhí i do chroí agus a d' iarr tú, agus nach saibhreas, ná stór, ná onóir, ná bás do naimhde, ná fiú fad saoil, ach eagna agus tuiscint duit féin, le mo phobal ar ar chuir mé thú mar rí a rialú,
12
uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.»
13
D' imigh Solamh leis ón ardionad i nGibeón, ó Bhoth na Teagmhála, agus tháinig go Iarúsailéim. Bhí sé ina rí ar Iosrael.
14
Bhailigh sé fórsa carbad agus capall. Bhí ceithre chéad déag carbad aige agus dhá mhíle déag capall, agus bhuanaigh sé iad sna cathracha carbad agus leis an rí in Iarúsailéim.
15
D' fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
16
Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chicilia ar phraghas cinnte.
17
Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar sé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna trí ghníomhairí an rí.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36