bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 22
2 Chronicles 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 23 →
1
Rinne muintir Iarúsailéim rí d' Achaizíá, an mac ab óige aige, ina áit, mar go raibh na mic a ba shine go léir marbh ag an díorma a bhris isteach sa champa leis na hArabaigh. Sin mar a tháinig Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá i gcoróin.
2
Bhí Achaizíá dhá bhliain agus [fiche] d' aois nuair a tháinig sé chun corónach agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá iníon Omraí ab ainm dá mháthair.
3
Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó.
4
Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis.
5
Ar a gcomhairlesean, ghabh sé amach le Iahórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám ag Rámot Gileád; ghoin na [hArámaigh] Iahórám,
6
agus d' fhill sé go Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iahórám mac Acháb mar go raibh sé tinn.
7
Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh.
8
Agus Iéahú ag cur na daorbhreithe ar theaghlach Acháb i bhfeidhm, bhuail sé le flatha Iúdá agus le nianna Achaizíá a bhí i seirbhís an rí agus chuir chun báis iad.
9
Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú. Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. «Ba mhac le Iahóiseáfát é,» ar siad, «a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.»
10
Nuair a fuair Atailiá, máthair Achaizíá, amach go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad de theaghlach Iúdá ar an toirt.
11
Ach Iahóiseaba, iníon an rí, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach i suanlios. Rinne Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, agus bean Iahóideá an sagart (deirfiúr do Achaizíá freisin) é a chur i bhfolach ó Atailiá, i dtreo nár mharaigh sí é.
12
D' fhan sé sé bliana ina dteannta, é i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36