bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 17
2 Chronicles 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 18 →
1
Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael.
2
Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá.
3
Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,
4
chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.
5
Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige.
6
Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá.
7
Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá.
8
Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoiníá, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám.
9
Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail.
10
Thit eagla an Tiarna ar ríochtaí uile na gcríoch i gcóngar Iúdá agus ní dhearna siad cogadh ar Iahóiseáfát.
11
Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair.
12
Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá;
13
bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim.
14
Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma;
15
faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear;
16
faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma.
17
De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe;
18
faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh.
19
Sin iad na fir a bhí ag déanamh seirbhíse don rí seachas an mhuintir a chuir an rí san cathracha daingne ar fud Iúdá ar fad
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36