bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 31
2 Chronicles 31
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 32 →
1
Nuair a bhí sin go léir thart, d' imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d' fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.
2
D' athbhunaigh Hiziciá oird na sagart agus na Léivíteach, gach duine ina ord ceart de réir a dhualgas, sagairt agus Léivítigh, maidir le híobairtí dóite, le híobairtí comaoineach, le seirbhís liotúirgeach, le moladh agus le buíochas, laistigh de gheataí champa an Tiarna.
3
Chuir an rí cuid dá mhaoin féin i leataobh do na híobairtí dóite: d' íobairtí doíte na maídíne agus an tráthnóna, d' íobairtí dóite na sabóide, na ré nua agus na bhféilte sollúnta, mar atá scríofa i ndlí an Tiarna.
4
Agus d' ordaigh sé don mhuintir a bhí ina gcónaí in Iarúsailéim an chuid a bhí dlite dóibh a thabhairt do na sagairt agus do na Léivítigh, d' fhonn go ndéanfaidís iad féin a thíolacadh do dhlí an Tiarna.
5
A luaithe a fógraíodh an t-ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial.
6
Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd.
7
Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí.
8
Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.
9
Agus cheistigh Hiziciá na sagairt agus na Léivítigh faoi na cairn.
10
D' fhreagair Azairiá, an t-ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: «Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.»
11
Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh.
12
Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit.
13
Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé.
14
Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n-íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.
15
Bhí Éidin, Miniáimin, Iéisiúa, Seamaiá, Amairiá agus Seacaniá ag cabhrú leis go dílis i gcathracha na sagart, lena gcuid a roinnt ar a mbráithre de réir a n-ord, cé acu tabhachtach nó a mhalairt.
16
Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n-ord a chur i ngíomh.
17
Eagraíodh na sagairt freisin de réir finí; agus na Léivítigh fiche bliain agus os a chionn de réir a ndualgas agus a n-ord.
18
Cuireadh eagar freisin ar chlann uile na sagart, a mná, a mic, agus a n-iníonacha, ar mhaithe leis an gcomhthionól ar fad, mar bhí sé de dhualgas orthu iad féin a naomhú go dílis trí mheán na nithe naofa.
19
Maidir leis na sagairt, clann Árón, a bhí ag cur fúthu sna tailte coimín a bhain lena gcathracha, nó sna cathracha féin, ceapadh daoine ar leith ó ainm d' fhonn a gcuid a thabhairt do gach fear de na sagairt agus do gach duine de na Léivítigh a cláraíodh.
20
Chuir Hiziciá na socruithe sin i bhfeidhm ar fud Iúdá. Rinne sé an ceart agus an mhaith agus an beart dílis i súile an Tiarna, a Dhia.
21
Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d' éirigh leis.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36