bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 15
2 Chronicles 15
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 16 →
1
Tháinig spiorad Dé ar Azairiá mac Ódaed
2
agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: «Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.
3
Is iomaí lá a chaith Iosrael gan Dia fírinneach, gan sagart le teagasc a thabhairt, gan dlí.
4
Ach d' iompaigh siad chun an Tiarna Dia Iosrael as a n-anachain; lorg siad é agus fuair siad é.
5
San am sin, ní raibh síocháin ag aosánach ar bith, mar bhí trioblóidí ina mílte sa mhullach ar áitritheoirí na gcríoch.
6
Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó.
7
Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.»
8
Nuair a chuala Ásá na focail sin agus an fháistine sin (le hÓdaed an fáidh), tháinig misneach chuige agus dhíbir sé na híola gráiniúla ó thír Iúdá agus Bhiniáimin, agus ó na cathracha a ghabh sé in ardáin Eafráim, agus dheisigh sé altóir an Tiarna a sheas os comhair phóirse an Tiarna.
9
Thionóil sé Iúdá agus Biniáimin go léir, agus muintir Eafráim, Mhanaise agus Shimeon a bhí ag cur fúthu ina dteannta, mar ghabh líon mór daoine anonn chuige ó Iosrael nuair a chonaic siad go raibh an Tiarna, a Dhia, ina theannta.
10
Thángadar le chéile in Iarúsailéim sa tríú mí den chúigiú bliain déag de réimeas Ásá.
11
D' ofráladar mar íobairt don Tiarna an lá sin as an gcreach a ghabhadar: seacht gcéad damh agus seacht míle caora.
12
Agus rinne siad conradh go lorgfaidís an Tiarna, Dia a sinsear, lena gcroí go hiomlán agus lena n-anam go hiomlán,
13
agus cibé duine nach lorgfadh an Tiarna Dia Iosrael, go gcuirfí chun báis é, cibé acu óg nó aosta é, fear nó bean.
14
Thug siad mionn os ard don Tiarna le gártha agus le séideadh stoc agus adharc.
15
Chuir an mionn a thugadar le lánchroí lúcháir ar Iúdá go léir. Rinne siad an Tiarna a thóraíocht le dúthracht chroí agus fuair siad é agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh.
16
Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon.
17
Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir.
18
Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
19
Go dtí an cúigiú bliain tríochad de réimeas Ásá, ní raibh aon chogadh.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36