bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 5
2 Chronicles 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 6 →
1
Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé.
2
Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví.
3
Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh sa seachtú mí le linn na féile.
4
Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc;
5
thug siad an áirc suas agus Both na Teagmhála agus na soithí naofa a bhí inti; d' iompair na sagairt agus na Léivítigh leo suas iad.
6
Solamh rí agus pobal uile Iosrael a bhí bailithe le chéile in éineacht leis os comhair na háirce, rinne siad caoirigh agus daimh gan líon gan áireamh a íobairt.
7
Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.
8
San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní ar leathadh mar scáth os cionn na háirce agus a cuaillí.
9
9a Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. 9b Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin. ABN: 9a, 10, 9b, 11a, 13b, 11b, 12, 13a
10
Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá chlár a chuir Maois inti i Horaeb, áit a ndearna an Tiarna conradh leis na hIosraelaigh nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.
11
11a Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, 11b Na sagairt go léir a bhí i láthair, cibé ord lenar bhain siad, bhí siad tar éis iad féin a naomhú.
12
Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc.
13
13a Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d' aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: «Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shior.» 13b líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.
14
De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36