bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
2 Chronicles 8
2 Chronicles 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 9 →
1
Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil,
2
d' atóg sé na cathracha a thug Húrám dó, agus lonnaigh sé Iosraelaigh iontu.
3
Ansin chuaigh Solamh go Hamát Zóbá agus ghabh é.
4
D' atóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát.
5
D' atóg sé Béit Horon Uachtarach agus Béit Horon Íochtarach, cathracha daingne le ballaí, geataí, agus sparraí,
6
agus Bálat, agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach ní arbh áil le Solamh a thógáil i Iarúsailéim, sa Liobáin agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.
7
Gach ar mhair de na Hitigh, na hAmóraigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh Iosraelaigh iad;
8
a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.
9
Ach níor chuir Solamh aon duine de chlann Iosrael faoi dhaoirse saothair; ba iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannairí carbad, agus mar mharcshlua.
10
Sin iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun shaothar Sholaimh: dhá chéad go leith a bhí i gceannas na ndaoine.
11
Thug Solamh iníon Fhorainn ó chathair Dháiví go dtí an teach a thóg sé di, mar dúirt sé: «Ní chuirfidh mo bheansa fúithi i dteach Dháiví, rí Iosrael, mar tá na háiteanna inar tháinig áirc an Tiarna naofa.»
12
Ansin d' ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe don Tiarna ar an altóir a thóg sé don Tiarna os comhair an phóirse,
13
mar a d' éiligh dualgas gach lae, ag ofráil de réir aithne Mhaois do na sabóidí, na réanna nua, na trí féilte bliantúla féile an aráin gan ghabháile, féile na seachtainí, agus féile na dtaibearnacal.
14
Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d' éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d' ordaigh Dáiví giolla Dé.
15
Níor chlaonadar in aon slí óna raibh ordaithe ag an rí do na sagairt agus do na Léivítigh, fiú, maidir le gnó na gcistí.
16
Ar an gcuma sin nuair a bhí Teampall an Tiarna go léir tógtha, bhí crích curtha le saothar Sholaimh go léir, saothar nach raibh ann ach beartas á ullmhú go dtí an lá ar leagadh cloch bhoinn Theampall an Tiarna.
17
Chuaigh Solamh ansin go hEizión Geibir agus go hÉalát ar bhruach na farraige i dtír Eadóm.
18
Chuir Húrám longa faoi stiúir a chuid fear féin chuige, agus mairnéalaigh eolgaiseacha. Chuadarsan le muintir Sholaimh go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad go leith tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36