bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 2
Amos 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 3 →
1
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,
2
teilgfidh mé tine síos ar Mhóáb agus dófaidh sí páláis Chiríot, éagfaidh Móáb le linn an chlampair, le linn gártha agus fuaim an trumpa;
3
scriosfaidh mé an taoiseach óna lár agus maróidh mé gach prionsa leis, a deir an Tiarna.
4
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n-aithreacha ar seachrán iad,
5
teilgfidh mé tine síos ar Iúdá agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.
6
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,
7
de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t-athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m' ainm naofa,
8
de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóra ar éide a cuireadh i ngeall, agus go n-ólann siad i dteach a ndé fíon na ndaoine a fíneáladh.
9
Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu, fir a bhí chomh hard leis na céadrais agus chomh láidir leis na daracha; scrios mé a dtorthaí os cionn talún agus a bpréamhacha thíos fúithi.
10
Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.
11
Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir agus Naizírigh as bhur macra. Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael? a deir an Tiarna.
12
Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól, agus d' ordaigh sibh do na fáithe: «Ná déanaigí tairngreacht.»
13
Féach, brúfaidh mise síos sibh, mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.
14
Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh, caillfidh an tréanfhear a neart, ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.
15
Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód, ní éalóidh an luathchosach, ní thiocfaidh an marcach as,
16
an laoch is cróga teithfidh sé leis gan chathéide an lá sin, a deir an Tiarna.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9