bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 8
Amos 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 9 →
1
Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí.
2
«A Amós, cad é a fheiceann tú?» a dúirt sé. «Cliabh de thorthaí aibí,» a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
3
Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
4
Éistigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú.
5
Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
6
go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead agus an t-ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?
7
Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.
8
Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann? Tá sí ag borradh ar nós na Níle agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?
9
An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.
10
Déanfaidh mé údar bróin de bhur n-oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
11
Féach, tá na laethanta chugaibh, a deir an Tiarna Dia, nuair a chuirfidh mé gorta sa tír, nach gorta bia ná dí é, ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.
12
Tuisleofar ó fharraige go farraige; seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.
13
An lá sin titfidh idir chailín deas agus bhuachaill breá i laige le tart.
14
An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: «Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!», titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9