bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 3
Amos 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 4 →
1
Gairm an Fháidh
2
Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n-uile pheaca.
3
An siúlann beirt le chéile ar an tslí gan [aithne] acu ar a chéile?
4
An mbúireann an leon san fhoraois agus é gan seilg? An scairteann an coileán leoin óna phluais agus é gan chreach? An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh agus gan dada ann chun é a mhealladh?
5
An bpreabann an gaiste aníos ón talamh agus gan aon rud ceaptha aige?
6
An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?
7
Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.
8
Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d' fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?
9
Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: «Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.»
10
«Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,» a deir an Tiarna, «ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.»
11
Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia: «Timpeallóidh an namhaid an tír, bainfidh sé do chumhacht díot agus creachfar do pháláis.»
12
Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t-aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu.
13
Éistigí agus tugaigí fianaise in aghaidh theach Iacóib, a deir an Tiarna, Dia na Slua.
14
An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár.
15
Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9