bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 5
Amos 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 6 →
1
Éist leis an oracal seo a fhógraím i d' aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael:
2
Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.
3
Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: An chathair a raibh míle saighdiúir aici ní fhágfar ach céad aici; agus an chathair a raibh céad aici ní fhágfar aici ach deichniúr.
4
Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;
5
ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
6
Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n-alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael. ABN: 6, 8, 9, 7, 10
7
[Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár;
8
Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.
9
Teilgeann sé léirscrios ar an dún, sa chruth go gcreachtar an daingean.
10
ar fuath leo an fear a chuireann ceart dlí i bhfeidhm ag an ngeata agus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.
11
Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.
12
Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
13
Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.
14
Iarraigí an mhaith in áit an oilc, ionas go mairfidh sibh, agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre mar a mhaíonn sibh atá sé.
15
Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b' fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.
16
Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: «Ochón, ochón.» Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t-aos caointe chun olagóin,
17
agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna.
18
Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas;
19
mar dhuine a d' éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.
20
Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas, nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?
21
Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte; ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.
22
Bíodh go n-ofrálann sibh bhur n-íobairtí dóite agus bhur n-íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d' íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.
23
Tógaigí uaim torann bhur n-amhrán; ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.
24
Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce agus an t-ionracas mar shruth gan dísc!
25
Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?
26
Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí, agus Cíován bhur ndia a iompar, íomhánna a rinne sibh daoibh féin.
27
Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc, a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9