bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 7
Amos 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 8 →
1
An Chéad Trí Fhís
2
Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise: «A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?»
3
Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna; «Ní thitfidh sé seo amach,» a dúirt an Tiarna.
4
Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.
5
Dúirt mise ansin: «Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?»
6
Agus ghlac an Tiarna trua; «Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,» a dúirt an Tiarna.
7
Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.
8
Dúirt an Tiarna liom: «A Amós, cad é a fheiceann tú?» «Dorú pluma,» arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: «Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma; ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
9
Creachfar áiteanna arda Íosác; bánófar sanctóirí Iosrael nuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.»
10
Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: «Tá Amós ag beartú comhcheilge i d' aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.
11
Óir is mar seo a deir sé: 'Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.'»
12
Dúirt Amaiziá le hAmós: «Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin.
13
Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.»
14
Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: «Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;
15
ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: 'Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.'»
16
Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: «Ná tairngir i n-aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.»
17
Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: «Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d' fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.»
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9